Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/28

This page has been proofread.

26

34.—AN PRÍOĊÁN AGUS AN ĊAORA.


Ḃí príoċán lá ar ḋrom caoraċ agus é ag caint go blaḋmanaċ agus go droċ ṁúinte.

“Dá mba gaḋar a ḃéaḋ am ineadsa,” arsa ’n ċaora, “ní ḃeaḋ oiread san buinne fútsa.”

“An aṁlaiḋ is dóiċ leat ná tuigimse féin an méid sin, a ċaileaċ!” ar seisean. “Déinim caint agus blaḋman agus droċ ṁúine nuair a leigtar dom é, aċt nuair ná leigtar bím ciúin go leór.”

An Múineaḋ.

Is breáġ í an ḟoiḋne, aċt is mairg a leigfaḋ d’aoinne gaḃáil de ċosaiḃ ann.

“Nuair a buailfar ar leacain tu iompuig an leaca eile.” Dúḃairt Sé mar sin é, gan aṁras. Aċt duḃairt Sé rud eile i n-a aice sin. “Má ċaillean an salan a ḃlas caitear sa n-óileaċ é agus gaḃtar de ċosaiḃ ann.”

Ní h-ionan foiḋne agus spadántaċt.

Níḋ uasal iseaḋ an ḟoiḋne, aċt ní’l i spadántaċt aċt salan gan ḃlas go ngaḃtar de ċosaiḃ ann.



35.—AN SEAN DUINE AGUS AN BÁS.


Ḃí sean duine cas cancaraċ amuiċ lá ar an gcnuc agus birtín brosnaiḋ bailiġṫe aige. Ḃí an t-ualaċ ar a ṁuin aige agus é ag teaċt aḃaile, agus gaċ ciscéim dá dtugaḋ sé ḃíoḋ sé ag spídiúċán ar an ualaċ mar ġeall ar ḃeiṫ ċóṁ trom.

D’airig an ġaoiṫ é agus ċeap sí go mbeaḋ spórt aici air. Ḋruid sí ċuige suas agus ḃain sí únfairt as. “Ó! greadaḋ ċúgat, mar ġaoiṫ!” ar seisean. “Ní h-aṁlaiḋ a ṫaḃarfá congnaṁ dom.” Ṫáinig sí laistiar dé, mar ’ḋ eaḋ ag taḃairt conganta ḋó, agus do ṡéid sí amaċ é i dtreó go mb’éigean dó ruiṫ tré loċán uisge agus gur fliuċaḋ go glúiniḃ é agus gur ḋóbair go leagṫí é. Ní “greadaḋ ċugat mar ġaoíṫ” a duḃairt sé ansan, aċt rud ba ṁeasa go mór ’ná é. Do sgaoíl sí leis go ceann tamail ḃig go dtí go raiḃ sé ag gaḃail tré ḃearna draoíbe. Ansan do sguab sí mór ṫímpal air agus ṫug sí cor coise ḋó agus do leag sí é féin agus an t-ualaċ sa draoíb agus ċuir sí an cnuc amaċ di.

D’éiriġ sé agus ċrom sé ar ġol. Ḃí culaiṫ draoíbe ó ṁulaċ talaṁ air; an fear boċt!

“B’ ḟearr liom ḃeiṫ marḃ!” ar seisean,” ’ná ḃeiṫ ag stracaḋ leis an saoġal so níos sia! B’ ḟearr liom go dtiocfaḋ an bás orm an neómat so!”