Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/29

This page has been proofread.

27

Le n-a línn sin ṁoṫuig sé an rud laistiar dé. D’ḟeuċ sé ṫar a ġualainn. Cia ḃéaḋ ’na ṡeasaṁ ann aċt an bás. D’éirig a ġruaig ar a ċeann le sganra. Do stad an spídiúċán.

“Ġlaoiḋis orm,” arsan bás. “Cad tá uait?”

“Ó! ní’l faic, a ḋuine uasail,” ar seisean, “aċt go n-árdófá an ḃeart ḃrosnaiḋ seo orm.”

D’ árduig an bás an ḃeart air agus do sgaradar.

Ṫáinig an sean duine aḃaile agus geallaim duit nár airig sé fuaċt ’ná fliuċra ’ná gaoiṫ an ċuid eile de’n tslíġ.

An Múineaḋ.

Nuair a deir duine gur ḃ’ḟearr leis bás d’ḟáġail ’ná ḃeiṫ ag stracaḋ leis an saoġal, ná creid é.



36.—AN CORCÁN AGUS AN CRÚSCA.


Ḃí corcán agus crúsca ar bruaċ aḃan. Ṫáinig an tuille agus do rug sí ċum siuḃail iad araon. “Ó!” arsa’n crúsca, “cad ḋéanfad! Buailfar i gcoinniḃ na gcloċ mé agus brisfar mé!”

“Ná bíoḋ ceisd ort,” arsa ’n corcán, “ní’l baoġal ort. Taḃarfadsa aire ḋuit.”

“Ó! fan uaim amaċ!” arsa ’n crúsca. “Is measa ḋom tusa ċúgam ’ná na cloċa féin. Má buailtear i gcoinniḃ a ċéile sinn is mise do brisfar agus ní’l aon ḃaoġal ortsa. Fan uaim amaċ a deirim leat!”

An Múineaḋ.

Má’s crúsca ṫu seaċain an corcán.

Pé ’cu crúsca nó corcán tu seaċain an droċ ṫean gaḃálaíḋe.

Ná déin caradas munab é do leas é.



37.—AN tSAINT AGUS AN FORMAD.


Ḃí an fear santaċ agus fear an ḟormaid lá ag déanaṁ íḋbirte ċum Iúpiter. Níor ḃ’ áil le Iúpiter ḃeiṫ ’ġá ḃoḋraḋ féin leó agus ċuir sé Apollo ag trial orṫa ċum pé aṫċuinge a ḃí uaṫa do ṫaḃairt dóiḃ do réir ċirt.

Ṫáinig Apollo. “Seaḋ!” ar seisean, “tá a ḟios agam go ḃfuil gráḋ mór agaiḃ d’á ċéile; má’s fíor bréag. Anois an t-am agaiḃ ċum é ṫaisbeáint. Pé rud iarfaiḋ duine agaiḃ ġeaḃaiḋ an fear eile ar a ḋúbailt é.”