Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/30

This page has been proofread.

28

Do stadadar. Ḃí fear na sainte glic. Ċeap sé go leigfaḋ sé do’n ḟear eile laḃairt agus aṫċuinge d’iaraiḋ i dtreó go ḃfaġaḋ sé féin an aṫċuinge sin ar a ḋúbailt. Aċt ní raiḃ a ḟios aige cad a ḃain le formad dá ṁéid gliocas aḃí ann.

Do laḃair fear an ḟormaid. Ní raiḃ uaiḋ aċt an ċaoi.

“Curtar mise ar leaṫ-ṡúil!” ar seisean. Le n-a línn sin do baineaḋ an dá ṡúil a’ fear na sainte.

Tá formad is measa ’na súd ann, .i. an formad a ḃainfaḋ an dá ṡúil as féin ċum aon tsúil aṁáin do ḃaint a’ duine eile.

An Múineaḋ.

An t-é ḋéanfaiḋ díoġḃáil d’á ċóṁarsain le corp droċ aigne déanfaiḋ sé díoġḃail is mó ’ná é dó fein, .i. díoġḃáil anama.



38.—FUAR AGUS TEIṪ.


Ḃí fear ag imṫeaċt tré ċoill. Lá fuar dob eaḋ é. Ḃí fuaċt agus ocras ar an ḃfear. Do ḃuail duine fiaḋain uime. Ṫáinig truaġ ag an nduine fiaḋain dó. Do rug sé leis isteaċ ’na ṗluais féin é. Ḃí an fuaċt ag cur ar an ḃfear ċóṁ mór san go raiḃ a ṁéireana le ’n-a ḃéul aige agus é ’ġá ṡéideaḋ.

“Cad ċuige go séidean tu do ṁéireana?” arsan duine fiaḋain.

“Ċum iad do ṫéiḋ,” arsan fear.

Ar ball ṫug an duine fiaḋain bia teiṫ ḋó. Ḃí an bia ró ṫeiṫ agus ḃí an fear ’ġá ṡéideaḋ.

“Cad ċuige go séidean tú an bia?” arsan duine fiaḋain.

“Ċum é ḟuaraḋ,” arsan fear.

“Séidean tú rud ċum é ṫéiḋ agus séidean tú rud ċum é ḟuaraḋ!” arsan duine fiaḋain. “Imṫig as so!” ar seisean. “Ní ṫaiṫnean fear liom a ṡéidean fuar agus teiṫ,” agus ṫiomáin sé uaiḋ amaċ é.

An Múineaḋ.

“Seaċain teanga liom, leó.”