32
43.—AN T-IASGAIRE AGUS AN CEÓL.
Ḃí fear ar bruaċ na h-aḃan. Píopaire dob eaḋ é. Ċeap sé, fé mar ḃailíġeaḋ sé na daoíne ċum an raince leis an gceól, go meallfaḋ sé na h-éisg as an aḃainn leis an gceól. Ḃí sé ag seint agus ag seint agus ag seint dóiḃ, aċt níor ċuireadar aon tsuím ann. Fé ḋeire do ċaiṫ sé uaiḋ an ṗíb agus do rug sé ar na líntiḃ. Ṫug sé an líon lán leis, an ċéad iaraċt ’ná ċéile. Ḃí an líon ar an bport aige agus é lán d’ iasgaiḃ, agus iad ag léimrig ann.
“Aċ! ní’l aon ċiall agaiḃ,” ar seisean. ”Ní rainncfaḋ siḃ le ceól ó ċianaiḃ, agus anois táṫí ag raince gan ceól!”
An Múineaḋ.
“Éist le fuaim na h-aḃan a’s ġeaḃaiḋ tú breac.”
44.—COGAR AN ḂEIṪIR.
Ḃí beirt ḟear ag siúḃal tré ċoíll uaigneaċ. Ḃí a ḟios acu go raiḃ droċ ainṁiġṫe móra ann. Ḋeineadar margaḋ le n-a ċéile go gcosnóċaidís a ċéile dá dtiġeaḋ aon tóir orṫa.
Ba ġearr gur siúd beiṫir ċúċa amaċ a’ tiuġ na gcrann. Ḃí duine acu éadtrom luṫṁar agus d’imṫig sé suas crann mar ḋéanfaḋ cat. Ḃí a ḟios ag an ḃfear eile ná féadfaḋ sé an beiṫir do ṫroid i n-a aonar. Isé rud a ḋéin sé ’ná é féin do ċaiṫeaṁ ar an dtalaṁ agus a anál do ċoimeád, mar ’ḋ eaḋ gur ċorpán é. Ḃí a ḟios aige ná h-íosfaḋ an beiṫir aċt an rud a ṁarḃóċaḋ sé féin. Ṫáinig an beiṫir i n-a aice. Ċuir sé a ṡrón ċum a ċluaise agus ċum a ḃéil. Ċoimeád an duine a anál mar ḃí a anam air. Ċeap an beiṫir go raiḃ sé marḃ dáiríriḃ, agus d’ imṫig sé.
Nuair ḃí an beiṫir imiġṫe ṫáinig fear an ċrainn anuas. Ḃí sé ag mion-ġáiríḋe agus ag magaḋ.
“Cad a ḃí ag an ḃfear mór úd d’á ráḋ leat?” ar seisean. “Ba ṁór an seó an ċogarnaċ a ḃí ar siúḃal agaiḃ. Ċonac a ṡrón buailte suas le d’ ċluais.”
“Ḃí,” arsan fear eile, ”cogarnaċ eadrainn. Dúḃairt sé liom an ḟaid a ṁairfinn airís gan iontaoíḃ do ṫaḃairt a’ fear meaṫta, do ġeallfaḋ an fód do ṡeasaṁ agus ansan do ruiṫfaḋ ċóṁ luaṫ agus ċíḋfaḋ sé an tóir ag teaċt.”
An Múineaḋ.
Ná géill do ċaint aon duine go ḃfeicir a ġníoṁ.