Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/39

This page has been proofread.

37

a sguraḋ an gad agus do sgaraḋ na slata le n-a ċéile ní raiḃ aon ḃac ar aoinne iad do ḃriseaḋ ’na gceann a’s ’na gceann. Siné an úḋálta agaiḃse. An ḟaid a ċuirfiḋ siḃ le ċéile ní ḟéadfaiḋ aoinne an láṁ uaċtair d’ ḟáġail oraiḃ, aċt má ṫagan fuaṫ agus mioscais eadraiḃ, agus má ṫugan siḃ druím láṁa le n-a ċéile, ġeaḃfar an láṁ uaċtair láiṫreaċ oraiḃ.”

An Múineaḋ.

“Is maol-ḋualga gan ḃráṫair, aċt is mairg a ḃíon gan dearḃráṫair.”



50.—AN tSEILG.


D’imṫig león agus asal agus mada ruaḋ amaċ ag fiaḋaċ lá. B’é an margaḋ an t-seilg do ḃeiṫ ’na trí treanaiḃ eatarṫa um ṫráṫnóna. Ṁarḃadar fiaḋ. Dúḃairt an león leis an asal an tseilg do raint. Do ḋéin an t-asal trí treana de’n ḟiaḋ. Ní túisge ċonaic an león an raint sin ’ná do rug sé ar an asal agus ṁairḃ sé é. “Roinnse an tseilg,” arsan león leis an mada ruaḋ. “Ní’l aċt beirt againn anso anois,” arsan mada ruaḋ. “Ní’l le déanaṁ de’n tseilg aċt ḋá ċuid. Bíoḋ an corpán agatsa agus beiḋ an ceann agamsa.” Do ṫaiṫn san leis an león. Ḃí ocras air agus ḃéaḋ béile ṁaiṫ aige.

Ar ball nuair a ḃí a ḋóiṫin ite aige agus an mada ruaḋ ag glanaḋ an ṗlaoísg do laḃair sé.

“Cia ṁúin duit,” ar seisean, leis an mada ruaḋ, “conus seilg do roint?”

“Do ṁúin an t-asal san ṫall,” arsan mada ruaḋ.

“Conus ḟéadfaḋ sé sin rud a ṁúineaḋ ḋuit-se,” arsan león, “agus gan eólus aige féin air?”

“Sdó, siné díreaċ a ṁúin mé,” arsan mada ruaḋ. “Ḋéin sé dearṁad agus ḋíol sé as, os cóṁair mo ṡúl. B’ olc uaim dá ndéininn dom féin láiṫreaċ ’na ḋiaig an botún a ḋéin seisean dó féin.”

An Múineaḋ.

Ná cuir ṫu féin i gcomórtas le ríġ, muna ríġ ṫu.

Ná h-éiliṁ do ċeart
Go ḃfeicir do neart.