Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/16

This page has not been proofread.

6

5.—“NEIRḂIS.”

Ḃí bean i Ráṫ Ċormaic agus ḃí tiġ táḃairne aici. Ḃí beirt ṁac aici, Conċuḃar agus Dóṁnall. Fear óg láidir ab eaḋ Conċuḃar. Ḃí sé is dóċa ar an ḃfear ba ṫreise d’á raiḃ sa ṗaróiste. Ḃí táilliúir beag sa tsráid agus firín ana ṡuaraċ, ana leicṫe ab eaḋ é. Ḃí sé lom mílíteaċ tanaiḋe i n’ḟéaċaint i dtreó gur ḋóiċ leat, dá ḃfeicfea é, go dtuitfeaḋ an t-anam as sar a mbogfá do ṡúile ḋe.

Ḃí a lán daoine bailiġṫe sa tiġ lá, agus iad ag ól. Ḃí an táilliúr ar a measg. D’eiriġ bruiġean eatarṫa. Do sprioc néal éigin an táilliúir. Do léim sé agus do rug sé ar ḃrollaċ casóige ar an ḃfear mór, ar Ċonċuḃar. Ḃí iongnaḋ ar an ḃfear mór cad a ḃí ag eirġe ḋó. Ṫáinig sgannraḋ ar an dtáilliúr nuair a ċonaic sé cé air go raiḃ greim aige. Ṫáinig creaṫán ann.

“A Ċonċuḃair,” ar seisean agus an sgéon ’n-a ġlór, “má ḃuailim ṫu ná buail-se mise, mar tá neirḃis orm!”

Do ṗléasg Conċuḃar ar ġáirí agus do ṗléasg gaċ aoinne a ḃí láiṫreaċ ar ġáirí. Ċóṁ luaṫ agus do leog an triṫeaṁ gáirí do Ċonċuḃar laḃairt, “Ṁuire go deiṁin féin, a ṫáilliúir,” ar seisean, “má ḃuail- eann tusa mise buailfead-sa an uile ḃlúire de’n neirḃis asat-sa amaċ, pé saġas ruda an neirḃis!”

Ḃí a leiṫéid sin de spórt acu go léir ar an “neirḃis” gur stad an bruiġean.