Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/23

This page has not been proofread.
13
Sliaḃ na mBan ḃFionn

do cuireaḋ isteaċ sa tríḋ-ḃrog san ċun cóṁnuiġṫe iad. Ba ṁar-a-ċéile ansan iad agus mná síḋe. Ní feictí iad aċ nuair ba ṁaiṫ leó iad féin do ṫais- beáint. D’ḟanadar istiġ sa ċnoc riaṁ ó ṡin, agus níor ċuadar i n-aois ná i ḃfuirḃṫeaċt le h-imṫeaċt aimsire. Taisbeánaid siad iad féin uaireanta, agus an t-é a ġeiḃeann raḋarc ar ṁnaoi acu ní ċuireann sé an raḋarc san as a ċuiṁne an ċuid eile ḋ’á ṡaoġal. As iad a ḃeiṫ ’ġá dtaisbeáint féin ar an gcuma san ó am go h-am, do tugaḋ “Sliaḃ na mBan ḃFionn" ar an sliaḃ. “Sliaḃ Feiṁin” an ainim a ḃí roimis sin air.

Ṫaisbeánaḋ cuid des na h-"óg-ṁná finna” iad féin uaireanta ċun tairḃe ḋéanaṁ; aċ ní h-i gcóṁ- nuiḋe a ḋeinidis tairḃe. Uaireanta is díoḃáil a ḋeinidís. Dá mbeaḋ cailín áluinn óg ag éiriġe suas sa ċóṁarsanaċt, b’ḟéidir go dtaisbeánfaḋ bean acu í féin do’n ċailín sin ċun í ḟuadaċ. Do béarfaí an cailín ċun siuḃail isteaċ i síḋ-ḃrog an ċnuic, agus do fágfaí agá muintir sa ḃaile iarlis éigin seana ṁná a ḃéaḋ ’ġá gcráḋ agus ’ġá gciapaḋ ar feaḋ tamaill, agus ansan do ġeóḃaḋ bás.