14
10.—SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.
II.
Do ṫárla, tamall mór éigin ó ṡin, gur deineaḋ beart de’n tsórd san i n-áit éigin ná raiḃ a-ḃfad ó’n gcnoc. Ḃí leanḃ inġine ag duinuasal a ḃí ’n-a ċóṁ- nuiḋe san áit. Ḃí an leanḃ ag déanaṁ amaċ ar ḃeiṫ ḋá ḃliaḋain déag d’aois, agus ḃí sí ċóṁ h-áluinn, ċóṁ breaġ, ċóṁ daṫaṁail sin, gur ḃ’ár éigin ḟéadaḋ aoinne a ċíoḋ í a ṡúile ṫógaint di, agus aoinne a deireaḋ aon ḟocal ag molaḋ a breaġṫaċta go gcaiṫ- eaḋ sé seile uirṫi, i dtreo go mbeaḋ fuaṫ ag na daoine maiṫe ḋi, agus nár ḃaoġal go mbéarfaidís leó í. Ḃíoḋ árd ḟearg ar an leanḃ féin nuair a caiṫtí na seilí uirṫi, agus níor ḃ’iongnaḋ san.
Do ṁol seana-ḃean éigin í lá agus ḋein sí dearṁad de’n tseile ċaiṫeaṁ uirṫi. An lá céadna san do ċon- naic an leanḃ duine des na h-“óg-ṁná finna” ón’ sliaḃ. Do buaileaḋ breóite an leanḃ. I gcionn suim laeṫanta ba léir do gaċ aoinne nár ḃ’í féin a ḃí sa leabaiḋ i n-aon ċor. Gur fuaduiġaḋ an leanḃ, agus gur fágaḋ iarlis éigin gan ṁaiṫ ’n-a h-inead. Tar éis roinnt aimsire fuair an iarlis bás. Ḃí uaig- neas agus buairt agus brón ar gaċ aoinne, agus níor ḃ’ḟiú tráċt ar an uaigneas ná ar an mbuairt a ḃí ar aoinne seaċas an ḃuairt a ḃí ar aṫair agus ar ṁáṫair an leinḃ. Ṫuigeadar gur ḃ’í a leanḃ féin, an inġean áluinn a ḃí acu agus go raiḃ a gcroiḋe greamuiġṫe