Do laḃair an ḃean san an ċaint ċéadna, ’sé sin:
"A ḃean an ḃréidín, má’s bréidín seo ar siuḃal agat, Cíoraim é, slámam é; aċ is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail."
D’ḟéaċ sise ar an gcuma gcéadna ar an dtríoṁaḋ bean. Duḃairt an tríoṁaḋ bean an dán céadna, ’sé sin:
"A ḃean an ḃréidín, má’s bréidín seo ar siuḃal agat, Cíoram é, slámam é; aċ is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail,"
agus d’ḟéaċ sí ar an gceaṫraṁaḋ bean agus duḃairt an ceaṫraṁaḋ bean an ċaint ċéadna. Mar sin dóiḃ go dtí go raiḃ an ṁórṡeisear acu ar a ndíċeall, beirt acu ag cíoraḋ, agus beirt acu ag slámaḋ, agus duine acu ag sníoṁ, agus beirt acu ag toċrais, agus iad ag obair ar seól.
Ḃí an ḃean aḃrais ag féaċaint orṫa, agus ċonnaic sí an obair áluinn a ḃí acu ’á ḋéanaṁ, agus ḃí áṫas uirṫi. Ċonnaic sí an t-ualaċ mór oibre a ḃí roimpi le déanaṁ, ċonnaic sí ag dul i luiġeaḋ é go tiuġ, agus na ceirṫlíní deasa ag dul i líonṁaireċt, agus ḃí áṫas mór uirṫi. Ċonnaic sí, leis, go raiḃ an obair ’á ḋéanaṁ ní b’ḟearr ’ná mar ḟéadfaḋ sí féin é ḋéanaṁ, agus do ċuir san iongnaḋ uirṫi i dteannta an áṫais. Ḃí an cíoraḋ ní b’ḟearr, mar ḋeineaḋ sé an olann ní ba ḃoige. Ḃí an slámaḋ ní b’ḟearr, mar ḋeineaḋ sé