Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/34

This page has not been proofread.
24
Sliaḃ na mBan ḃFionn

“Tá gáḋ led’ ċaḃair againn, a ḃean ṁacánta," arsa’n ċéad ḃean díoḃ a laḃraḋ i gcóṁnuiḋe.

Do ṗreab an ḃean aḃrais ċuca, agus ṫóg sí ar a bacalainn an cailín a ḃí, dar léi, marḃ nó i ḃfanntais ċóṁ trom san gur cuma é nó í ḃeiṫ marḃ gan méam inti. Ní túisge ḟéaċ sí uirṫi ’ná mar aiṫin sí í. An leanḃ a fuaduiġeaḋ is í a ḃí ann. Ní baoġal gur leig an ḃean aḃrais uirṫi gur aiṫin sí í. Ṫóg sí léi síos sa tseómra í agus ṡín sí ar a leabaiḋ féin í. Ċrom sí ar ḃeiṫ a d’iarraiḋ í ṫaḃairt as an ḃfanntais díreaċ mar a ḋein sí leis an gcéad ċailín úd. Ḃí rud aici go dtugtí biorán suain air. An t-é go sáḋfaí an biorán suain sin ’n-a ċeann, ṫiocfaḋ codlaḋ air a ḃeaḋ ana ċosṁail le bás, agus ní ṫiocfaḋ sé as an gcodlaḋ san go dtí go dtarraingeófaí an biorán suain as a ċeann. Do ṡáiḋ an ḃean aḃrais an biorán suain i gceann an ċailín, aċ ḋein sí é a ganḟios do’n ṁórṡeisear. Ḃí an ṁórṡeisear ag cíoraḋ agus ag slámaḋ agus ag sníoṁ, agus ḃí an ḃean aḃrais a d’iarraiḋ an ċailín do ṫaḃairt as an ḃfanntais, dar léi, agus ḃí an oiḋċe ag imṫeaċt.

Fé ḋeire ḃí an lá ag teaċt, agus ní raiḃ an cailín ag teaċt ċuici féin, ná aon ṗioc d’á ḋeaḃraṁ uirṫi go dtiocfaḋ sí ċuici féin go luaṫ. Ḃí an ṁórṡeiear ag cogarnaiġ go dian. I ndeire na cogarnaiġe do laḃair an ċéad ḃean acu do laḃraḋ i gcóṁnuiḋe.

"A ḃean an tiġe,” ar sisi, “ní foláir dúinne ḃeiṫ ag imṫeaċt. Taḃair-se aire ṁaiṫ do’n ċailín sin,