Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/39

This page has not been proofread.
29
Sliaḃ na mBan ḃFionn

ċóṁ luaṫ agus do b’ḟéidir é. Nuair ċonnacadar ag déanaṁ an diṫnis í, ḃí ana ḃagairt acu ar a ċéile agus ana ġáiriḋe ar siuḃal acu fé n-a n-anál. Ní raiḃ aon ċoinne acu go raiḃ aon droċ aṁras aici orṫa.

Nuair a ḃí roinnt ṁaiṫ des na crúsgaíḃ uisge taḃ- arṫa léi aici ó’n dtobar, do riṫ sí amaċ ċun ceann eile ṫaḃairt léi, agus duḃairt sí, ag gaḃáil amaċ di: "Ní mór dom breis diṫnis a ḋéanaṁ, a uaisle, nó beiḋ siḃ marḃ ag an dtart agus ag an ocras sar a mbeiḋ an corcán san lán agam."

Ḃí sí ag ruiṫ ag gaḃáil amaċ di, agus do lean sí ag ruiṫ go dtí go raiḃ sí ró ḟada ó’n ndorus ċun iad a ḋ’aireaċtaint foṫraim a cos. Ansan do stad sí, agus ċaiṫ sí ḋi a bróga, agus ṫáinig sí ṫar n-ais gan aon ḟoṫram a ḋéanaṁ. Nuair a ḃí sí i n-aice an doruis, i leaṫtaoiḃ, ċuir sí cluas uirṫi féin féaċaint an aireóċaḋ sí iad ag déanaṁ aon ċainte. D’airiġ.

"Ní fada go mbeiḋ sé lán a ḋóiṫin,” arsa’n ḃean a laḃraḋ i gcóṁnuiḋe.

"Cad a ḋéanfaimíd ansan, a ríogan?” arsa bean eile acu.

"Cuirfimíd isteaċ ann í, agus beireóimíd ’n-a beaṫaiḋ í. Cuirfimíd biorán suain inti ná bainfear aisti go ceann tamaill,” arsa’n ċéad ḃean.