Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/41

This page has not been proofread.
31
Sliaḃ na mBan ḃFionn

ċuir sí iad go léir fé ġeasaiḃ cruaḋa gan corruiġe as a n-áiteanaiḃ go dtí go ḃfuasgalóċaḋ sí féin iad ós na geasaiḃ. Ar éigin a ḃí an rud deirineaċ curṫa daingean fés na geasaiḃ aici, nuair airiġ sí na mná uaisle ag teaċt ċun an doruis. Ṫug duine acu iarraċt ar an laiste ḋ’árdú. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann. Ḃí an glas ar an ndorus.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

XIV.

"Osgail an dorus, a ḃean an ḃréidín,” arsa’n ḃean amuiċ, “go gcríoċnóċaimíd an obair duit."

"Ní osgalóċaḋ,” ar sisi, “mar do curfaí sa ċor- cán mé!"

"Osgail, osgail, a eoċair an ġlais!” arsa’n ḃean amuiċ.

"Ní ḟeadfainn é,” arsa’n eoċair. “Táim anso sáiḋte sa ġlas, agus táim fé ġeasaiḃ cruaḋa an dorus a ċoimeád dúnta."

"Osgail, osgail, a ursal na lorgan ḃfada!" arsa’n ḃean amuiċ.

Ní ḟéadfainn é,” arsa’n ursal. Táim anso am’ ṡeasaṁ am’ áit féin i n-aice na teine, agus mo ċeann