Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/46

This page has not been proofread.
36
“Ċa-ċa-ċa-ċailleas é!”

cnapóigín cré go measaḋ sé gur ḃ’é an sparán a ḃíoḋ aige.

Ḃíodar mar sin, ag cuardaċ, go dtí go raḃadar, ní h-aṁáin fliuċ ó ṁullaċ talaṁ, aċ ag riṫ leis an ḃfuaċt.

Fé ḋeire do léim an t-amadán, agus ċuir sé glam as.

"Ó!” ar seiean, “fu-fu-fu-fuaras é! Fu-fu-fu- fuaras é!"

"Cad a fuarais, airiú?” arsa gaċ aoinne.

"Le-le-le-leaṫṗinne ruaḋ!” arsa’n t-amadán.

Tá, is dóiċ liom, deiċ mbliaḋna agus trí fiċid ó airiġeas m’aṫair - beannaċt Dé le n-a anam! - ag innsint an sgéil sin. Mar d’ḟear an tiġe ab eaḋ é. Ḃí sé féin agus cuid d’á ḋriṫáraċaiḃ sáiḋte sa ċuardaċ.

PEADAR UA LAOĠAIRE

Caisleán ua Liaṫáin, 20. VII. 1917.