Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/68

This page has not been proofread.
58
Sliaḃ na mBan ḃFionn

10. Agus an ndeireann tú go mbíd siad ann fós? 11. Má táid ní foláir dóiḃ ḃeiṫ ana-ċríona anois? 12. An ḃfuilíd le feiscint anois? 13. Caṫain? 14. An dtaisbeánaid siad iad féin go minic? 15. Cad deirtear i dtaoḃ an té a ġeiḃeann raḋarc ar ṁnaoi acu? 16. Agus an cnoc n-a mbíd siad cad a tugtar air? 17. Cad ’na ṫaoḃ? 18. An é sin an ainm a ḃí air i gcóṁnuiḋe riaṁ? 19. Cad eile? 20. Cia’ca ċun uile nú maiṫeasa ḋéanaṁ a ṫaisbeánaid na "h-óg-ṁná finna” iad féin? 21. Náċ olc uaṫa ḃeiṫ ag déanaṁ díoḃála agus iad ċóṁ breáġ san? 22. Agus cad é an díoḃál a ḋeinidís? 23. Cailíní eile do ḃreiṫ leo, an eaḋ? 24. An mbeiridís leo cailíní aosta? 25. Cad eile? 26. Ar ṫaisbeáin duine acu í féin do ċailín? 27. Cad’na ṫaoḃ? 28. Agus an meallaḋ a h-áilneaċt an cailín? 29. Agus d’á ḋeargaiḃ sin an dtagaḋ mearḃall ar an gcailín i dtreó ná féadaḋ sí gan dul in aonḟeaċt léi? 30. Cá mbeirtí an cailín boċt? 31. An mbíoḋ a muíntir ar a lorg? 32. An dtugaidís fé ndeára í ḃeiṫ imiġṫe in ao’ċor? 33. Cad ’na ṫaoḃ? 34. Mo ḋeacair! iarlis éigin seana-ṁná in inead a gcailín óig áluinn! an eaḋ? 35. Agus an mbíoḋ sláinte ṁaiṫ ag an iarlis sin? 36. Dá ḃríġ sin an mbídís cráiḋte ciapaiṫe aici? 37. Agus an mar sin a ḃíoḋ an sgéal acu ċun go ḃfaġaḋ sí bás?

GRAMADAĊ.

1. Cuir na ráiḋte seo ’sa n-aimsir láiṫriġ uiṁir uaṫaiḋ:-

(a) “ba ṁar-a-ċéile ansan iad agus mná síḋe." (b) Ṫaisbeánaḋ na h-óg-ṁná finna iad féin.

2. (a) “Do tugaḋ ’Sliaḃ na mBan ḃFionn’ar an sliaḃ." (b) Ṫaisbeánaḋ cuid des “na h-óg-ṁná finna” iad féin.