Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/75

This page has not been proofread.
65
Sliaḃ na mBan ḃFionn

24. ’Sa deire cad a ṫáinig ar an mnaoi aḃrais? 25. Ar ṫáinig sé go h-obann uirṫi? 26. Agus cad d’imṫiġ uirṫi? 27. Ar ḃ’ aon iongnaḋ gur ṫuit sí ’na codlaḋ? 28. Cad na ṫaoḃ? 29. Conus a ċodail sí?

GRAMADAĊ.

1. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) le linn an ḟocal a ráḋ ḋi. (b) ḋíriġ sí ar an olann do ċíoraḋ. (c) ḃí beirt ag toċrais agus iad ag obair ar seol.

2. Cuir ’sa n-aimsir láiṫriġ é seo:- "Ḃí an cíoraḋ ní b’ḟearr mar ḋeineaḋ sé an olann ní ba ḃoige.

"Ḃí an slámaḋ ní b’ḟearr mar ḋeineaḋ sé an olann ní ba réiḋe.

Ḃí an sníoṁ ní b’ḟearr mar do ḋeineaḋ sé an snáṫ gan oiread agus aon ċaraḋ aṁáin ann ní ba ṁó ná ní ba luġa ’ná mar ba ċeart."

3. Cuir ’sa n-uiṁir uaṫaiḋ firinnscne é seo:-

"Mar sin dóiḃ go dtí go raḃdar ar a ndíċeall.

4. Taḃair uait bun-ċéim na ḃfocal:-

Fearr; boige; réiḋe; mó;luġa.

5. Cuir ’sa n-aimsir ḟáistiniġ, uiṁir iolraiḋ é seo síos:-

"Ṫáinig míogarnaċ uirṫi, agus ṫuit a codlaḋ uirṫi."

10.-SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

VI.

CEISTEANNA.

1. Caṫain a ḋúisiġ sí ar a codlaḋ? 2. Ar ċuíṁniġ sí ar dtúis ar cad a ḃí tar éis tuitim amaċ? 3. Cad é an ċéad rud a ḋein sí? 4. Cad ’na ṫaoḃ san? 5. Cé ċeap sí a ḃeaḋ ’sa tiġ? 6. Agus ná raḃdar ann?