Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/81

This page has not been proofread.
71
Sliaḃ na mBan ḃFionn

10. SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

IX

CEISTEANNA.

1. An oiḋċe ċéadna gur cailleaḋ an iarlis cé ṫáinig isteaċ go dtí an ḃean aḃrais? 2. Agus cad a ḃí ’á ṫionnlacan acu? 3. Ar ṫáinig eagla ar an mnaoi aḃrais rómpa? 4. Cad ’na ṫoaḃ nár ṫáinig? 5. Cé laḃair ar dtúis? 6. Ar ḃ’ í sin an ḃean a laḃraḋ i gcóṁuiġe? 7. Ar ḃ’í an ceann uraid a ḃí ar an gcuid eile í? 8. Cad duḃairt sí? 9. Cad a ḋein an ḃean aḃrais? 10. Cad ’na ṫaboḃ gur ṗreab sí ċúċa? 11. Ar ċeap sí go raiḃ an cailín marḃ? 12. Cad ’na ṫaoḃ gur ċeap sí é? 13. Conus a ṫóg sí an cailín uaṫa? 14. Ar aiṫin sí an cailín? 15. Caṫain a d’aiṫin sí í? 16. Cé ḃí ann? 17. Ar leog sí uirṫi gur aiṫin sí í? 18. Cad a ḋein sí léi? 19. Nuair a ḃí an cailín sínte ar an lebaiḋ aici cad a ċrom sí ar ḋéanaṁ? 20. Ar ḋein sí a leiṫéid d’obair ċeana féin? 21. Caṫain. 22. Ḃí rud draoiḋeaċta ag an mnaoi aḃrais, cad é an rud é? 23. Dá sáiḋtí an biorán suain isteaċ i gceann duine, cad a d’imṫeoċ ’ air? 24. Agus caṫain a ḋúiseóċ’ sé ar an gcodlaḋ? 25. Ar ḃ’é sin cúis gur tugaḋ “biorán suain” ar an rud? 26. Cad a ḋein an ḃean aḃrais leis an mbiorán suain? 27. Ar ṫug an ṁórṡeisear fé ndeara í? 28. Cad ’na ṫaoḃ nár ṫugadar? 29. Cad a ḃí acu ’á ḋéanaṁ? 30. Nár ḋúṫraċtaċ na daoine iad? 31. Agus cad ḃí ag an mnaoi aḃrais ’á ḋéanaṁ, mar ḋeaḋ? 32. Cad ’na ṫaoḃ nár ṫugadar féin fé í tógaint ar an ḃfann- tais?