Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/13

This page has been proofread.

vii.

Ceist, cad ċuige ḋam a n-aṫruġaḋ? Tá gur ḃ’éigean dam é ḋéanaṁ d’éis mo ċuardaiġ ’sna huġdaraiḃ. An ċéad ’s an dara hainm, ’sí canaṁaint Raċlann atá mar uġdarṫás agam leó; Gazetteer na hAlban agus léarsgáile an lae indiu fá ndear Tiobar Mór; Gaeḋilg na hAlban ba ḃun leis na trí hainmneaċaiḃ atá ’na ḋiaiḋ sin agus le Struiḃle mar an gcéadna; fuaras Alṗort agus Filipfáċ ag Niall Mac Ṁuireaḋaiġ féin agus Cill Saiḋḃe ’sé rud atá ann aċt beaċtaiḋeaċt do ḃaint as an gcuma d’ḟág Niall air ó n-a láiṁ!

Naċ léir as soin cad is féidir do ḋéanaṁ le hainmneaċaiḃ áite, má cuardaiġṫear dóiġ agus an-dóiġ mar is indéanta do gaċ éinne? Níor éiriġ liom Gaeḋilg d’ḟaġáil ar Selkirk, dá ṁéad dár ċuardaiġeas, aċt dá mbeaḋ Gaeḋilg air, is dóċa gur “Cill Ḃoṫ” a ḃeaḋ ann, aċt nuair naċ fuaras uġdarṫás ná baránta leis sin, do leigeas dó. Ní’l Gaeḋilg i nAlbain féin indiu air, mar ṫuigim, agus é ar nós Williamstown i gCondae na Gailliṁe agus áiteanna eile i nÉirinn fóiríor!

Anois i dtaoḃ ar baineaḋ as Leaḃar Ċloinne Raġnaill, do leanas do ċaint an leaḃair sin coṁ dlúiṫ agus d’ḟéadas, agus má sgaras léi i gcorr-áit, dob’ éigean dam é ar ṁéad an Albanaċais do ṫárla os mo ċoṁair, rud do ċuirfeaḋ as go mór don léiġṫeoir Éireannaċ. An tAlbanaċas is mó ḃí ann .i. na déiḋeanaiġ -e, -a ar lár ar uairiḃ: Cibé áit a raiḃ sin ann do rinneas iad d’aiseag, agus go deiṁin féin, dá mbeaḋ an ċeist fá Niall féin do ṁolfaḋ sé ḋam é ḋéanaṁ, agus gurab é an cuspóir do ċuir sé sin roiṁe Gaeḋilg ḋoiṁin Éireannaċ léiġinn agus litriḋeaċta do sgríoḃaḋ, is má ṫeip sin air corr-am, b’é fá ndear é treise na canaṁna ḃí air agus é i gcéin ó sgoiltiḃ na hÉireann i gcás gur sgiorr agus gur ṡleaṁnuiġ canaṁnaċas air i