Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/28

This page has been proofread.

2

Colla Uais, iomorro, do ḃain amaċ Cúigeaḋ Ulaḋ ó Ċlannaiḃ Ruḋraiġe, is uaiḋ do ṡíolruiġ an Ċlann Doṁnaill seo ag a raiḃ Inse Gall agus seaċt dtuaṫa na nGlinne i nDáil Riada fá n-a smaċt ar feaḋ na gcéadta mbliaḋan.

Is ag tráċt ar Alasdar mac Colla ṁic Gilleasbuig Ṁic Ḋoṁnaill do ḃí an file Sasanaċ Milton, an uair do sgríoḃ sé na focla so ag magaḋ faoi an ainm ṫug uġdar éigin ar a leaḃar .i. Tetrachordon,

"Why, it is harder, sirs, than Gordon, Makdonel or Colkitto or Galasp—these rugged names in our strange mouths grow sleek that would have made Quintilian stare and gasp"—dá ċur i gcéill dúinn gur deacra leis féin an t-ainm sin Tetrachordon do ráḋ ná Makdonel .i. Mac Doṁnaill nó Colkitto .i. Colla Ciotaċ, aṫair an Alasdair réaṁráiḋte, nó Galasp .i. Gilleasbuig, aṫair an Ċolla ċéadna. “Colkitto” an t-ainm is mó ṫugaidís Gaill ar Alasdar.

Ní raiḃ Alasdar aċt ina ógánaċ sa ḃliaḋain 1641 an uair “cuireaḋ an sop ar séideaḋ” i gCúigeaḋ Ulaḋ agus tógaḋ an cogaḋ mór i n-aġaiḋ na Sasanaċ. Ḃí sé ina ċoṁnuiḋe i n-Albain fá’n am soin, agus ṫáinig sé anall go hÉirinn. Ḃí fear de Ṁuintir Stiuḃaird annsoin ag cruinniuġaḋ airm Ġallda i n-aġaiḋ Gaeḋeal na hÉireann. Albanaċ b’eaḋ é seo agus ba ġaol dó Alasdar mac Colla. Ċuir sé Alasdar ’na ċaiptín os cionn buiḋne dá ċuid saiġdiúirí. Ní luaiṫe ḃris an cogaḋ amaċ ná d’iompuiġ Alasdar ar ṫaoiḃ na nGaeḋeal agus ṫug leis drong ḃeag de ṡluaġ an Stiuḃardaiġ. D’ḟág sé an Stiuḃardaċ i gCúil Raiṫin agus d’imṫiġ leis ó ḋeas sa Rúta (.i. clár Ċonndae Aontroma ó ṫuaiḋ)

Annsoin ḃí ag éirġe amaċ Fir na Craoiḃe nó Muintir Ċaṫáin ar an taoḃ ṫoir de Ḃanna. Ṫáinig a ḟios go Cúil-Raiṫin go raiḃ Fir na Craoiḃe ag braṫ ar ḋul