Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/29

This page has been proofread.

3

trasna na Banna ċum go gcabróċaidís le hAlasdar mac Colla. Port an Áṫa ainm na háite i n-ar ṡaoil siad dul trasna na haḃann. Nuair a ċuala an Stiuḃardaċ na sgéala soin, do ġluais sé roiṁe ó Ċuil Raiṫin agus a láṁ ḋeas leis an aḃainn go dtáinig sé go Port an Áṫa, gur ġaḃ sé longṗort ar an áṫ idir Alasdar agus Muintir Ċaṫáin. Sé buiḋne líon a ṡluaiġ agus gan aċt dá ḃuiḋin ag Alasdar. ’Sé rud do rinne Alasdar annsoin fanaṁaint go meaḋón oiḋċe an tráṫ do ling sé i lár ċampa an Stiuḃardaiġ agus ċuir ár agus dearg-ruaṫar orra. Ṫáinig Muintir Ċaṫáin tar sruṫ aniar dá éis sin agus ḃí Alasdar ’na ċeannṗort orra. B’é sin tosaċ a ġníoṁarṫa gaisgiḋ i n-aġaiḋ na nGall. Is é adeir Froude agus staraiḋṫe na nGall uile gur ḃ’é tosaċ ar an “massacre of 1641” é sin. “Massacre” ḃí i mbéal na nGall riaṁ nuair is orra briseaḋ an caṫ. I mí na Nodlag sa ḃliaḋain 1641 is eaḋ ṫárla an gníoṁ soin. Seal gearr ’na ḋiaiḋ sin do ġaḃ Alasdar caisleán Ḃaile na Tuaiġe ar ṁuintir an Stiuḃardaiġ. Níor léig an eagla do’n Stiuḃardaċ féin teaċt ṫar múrṫaiḃ Cúile Raiṫin amaċ go ceann i ḃfad, nó go raiḃ sluaġ foġainteaċ cruinniġṫe aige arís.

Dia hAoine an t-aonṁaḋ lá déag de ṁí na ḃFaoilliḋe sa ḃliaḋain 1642 (1641 sa tsean-áireaṁ), do ġluais an Stiuḃardaċ roiṁe amaċ as Cúil Raiṫin, naoi gcéad saiġdiúir líon a ṡluaiġ, i n-aġaiḋ Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill. Sé ċéad saiġdiúir do ḃí ag Alasdar sa longṗort do ḃí aige i mBaile Mónaiḋ. Ṫárla an dá ṡluaġ le ċéile ar an léana atá tuairim is míle ó’n mbaile sin. Alexander Clogy, ministéire Sasanaċ, cliaṁain do’n Easbog Bédel, do ḃeir tuairisg ar an taċar soin mar leanas: “Sa ċéad ionnsaiġe, agus gan aige aċt buiḋean ḃeag de Ġaeḋealaiḃ agus drong de ṁéirleaċaiḃ Iarla Aontroma, do ḃí i bpáirt leis sa n-olc, i n-aġaiḋ oċt gcéad Sasanaċ