6
orra. Ní raiḃ ag na saiġdiúiríḃ Éireannaċ’ aċt urċor aṁáin ag an duine. Níor láṁuiġ siad nó go dtángadar i ḃfogus do ṡluaġ an Ċoiḃinint, agus annsoin sgaoileadar na piléir i n-aon ṗléasgaḋ aṁáin, ċaiṫeadar uaṫa na gunnaiḋe, agus do ġaḃadar de sgeanaiḃ ins an tsluaġ Ġallda. Ní mó ná go ndeárna na Gaill fuireaċ leó, aċt cúl do ṫaḃairt leó i n-éinḟeaċt. DO ṪUIT AR AN MAĊAIRE SIN ḊÁ ṀÍLE GALL, AGUS NÍOR CAILLEAḊ OIREAD AGUS DUINE DE’N ARM ĠAEḊEALAĊ. D’ḟág na Gaill ina ndiaiḋ a gcuid gunnaiḋe móra, airm faoḃair agus teineaḋ, púdar agus piléir, brataċa, dromaiḋe, puible agus trosgán, agus do b’é luas an teiċiḋ do rinneadar go ḃfuair cuid aca bás de ḃárr an reaṫa soin gan fuiliuġaḋ gan foirḋeargaḋ forra. Caṫ Ṫiobair Ṁóir is ainm do’n ċaṫ soin, agus an ċéad lá de ṁí ṁeaḋóin ḟoġṁair sa ḃliaḋain 1644 is eaḋ briseaḋ an caṫ soin.
Do ġluais an t-arm Gaeḋealaċ as sin díreaċ go hObair Ḋeaḋain, mar a raiḃ sluaġ bailiġṫe ag an gCoiḃinint ó ṫuaisceart na hAlban, trí ṁíle coisiḋe agus cúig céad marcaċ. Do sgriosaḋ an t-arm so go huiliḋe aċt beagán díoḃ do ċuaiḋ i ḃfolaċ. Níor cailleaḋ aċt ceaṫrar de’n tsluaġ Ġaeḋealaċ. An tríoṁaḋ lá déag de ṁeaḋón ḟoġṁair sa ḃliaḋain 1644 tugaḋ an caṫ soin.
Do ċuadar isna Garḃ-Ċríoċaiḃ d’éis an ċaṫa soin, agus d’ḟanadar ionnta ar feaḋ míosa. Le n-a linn sin do ḃí Mac Ailín Mór ag cruinniuġaḋ airm eile. Do ġluais Montrós ina aġaiḋ, agus ṫeangṁuiġ an dá arm le ċéile ar aon láṫair i n-áit darab ainm an Ḟíoḋḃaḋ. Míle saiġdiúir de Ċloinn Duiḃne, míle go leiṫ de Ġallaiḃ, agus seaċt ndíorma marcaċ ba líon sluaiġ do Ṁac Ailín Mór. Do ċuir Montrós an coirnéal Máġnus Ó Caṫáin agus Fir na Craoiḃe i n-úrṫosaċ an ċaṫa agus ba ġearr a ṁoill orra muintir Ṁic Ailín