Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/33

This page has been proofread.

7

Ṁóir do ġlanaḋ as an láṫair. An t-oċtṁaḋ lá fiċead de ḋeireaḋ ḟoġṁair is eaḋ tugaḋ an caṫ soin na Fíoḋḃaiḋe, sa ḃliaḋain 1644. Annsoin do ġaḃ Montrós anall go dúṫaiġ Ṁic Ailín Ṁóir féin. Do creaċaḋ agus do loisgeaḋ an tír sin leó gan truaiġe gan trócaire. Do ġaḃ Mac Ailín Mór ’gá leanaṁaint go dtáinig go hIuḃear Loċaiḋ i gcríoċaiḃ Loċa-Ábair. D’iompuiġ Montrós air san áit sin agus do ġaḃ an dá arm fosaḋ ann, leiṫ ar leiṫ, os coṁair a ċéile, Lá Ḟeile Briġde sa ḃliaḋain 1645. Ní raiḃ i nAlbain le n-a linn taoiseaċ ba ċuṁaċtaiġe ná ba ṫreise sluaġ ná Mac Ailín Mór, aċt dar linn is aṁlaiḋ ṫáinig meataċt air tré iomad coṁluadair le Gallaiḃ. Ċuaiḋ amaċ ar an loċ i mbád an oiḋċe sin agus d’ḟág an caṫ fá Ḋonnċaḋ Caimbéal, tiġearna Aċaiḋ na mBreac. Ḃí an Donnċaḋ so tar éis teaċt a hÉirinn. Do ċreaċ sé Reaċra ó ṫaoiḃ go taoiḃ, agus níor ḟág duine ná daonnaiḋe, fear, bean ná leanḃ beó ’na ḋiaiḋ ar an oileán soin.

Do cuireaḋ an caṫ lá ar n-a ḃáraċ .i. Lá Ḟeile Muire na gCoinneal, Dia Doṁnaiġ an dar lá de’n Ḟeaḃra, sa ḃliaḋain 1645. B’é críoċ an sgéil gur ċuir Montrós agus Alasdar an ruaig ar ṁuintir an Ċoiḃinint d’aon ruaṫar aṁáin. Seaċt gcéad déag díoḃ do ṫuit san ár. Maruiġeaḋ dá ḟiċid tiġearna de Ṁuintir Ċaimbéil, agus gaḃaḋ dias tiġearna agus fiċe. Ṫárla Alasdar mac Colla agus tiġearna Aċaiḋ na mBreac i n-aġaiḋ a ċéile sa ngleó. Do ċuiṁniġ Alasdar ar gaċ olc dár imir Donnċaḋ riaṁ ar a ṁuintir. “A roġa agat,” ar seisean leis an gCaimbéalaċ, “do ċroċaḋ d’éis an ċaṫa nó do ṁarḃaḋ ḋoṁ-sa mar a ḃfuil tú.” “Monuar!” ars’ an Caimbéalaċ, “is iad an dá ḋíoġa gan aon roġa iad,” go ḃfuil an ráḋ soin ’na ṡeanḟocal go dtí indiu. Ní duḃairt Alasdar a ṫuilleaḋ aċt a ċloiḋeaṁ do ṫógáil agus an plaosg do lomaḋ ḋe os cionn a ḋá ċluais