9
caiptín díoḃ dar ṡloinneaḋ Mac Riocaird. D’á ċéad déag is eaḋ ṫuit de Ġallaiḃ sa ċaṫ soin agus fíor-ḃeagán de’n tsluaġ Ġaeḋealaċ.
Do ċruinniġ Mac Ailín Mór agus taoisiġ an Ċoiḃinint sluaġ eile fá ċeann míosa. Seaċt míle coisiḋe agus míle marcaċ líon an tsluaiġ sin. Ṫeangṁuiġ an t-arm Gaeḋealaċ leó i gCill Saiḋḃe i ngar do Struiḃle. Ṡaoil na Gaill go cinnte naċ raiḃ dul uaṫa ag Montrós an uair sin. Ní ḋeaċaiḋ sé uaṫa. Ḃíodar ag teaċt go dian air agus gan aṁras ba ċontaḃairt cás na nGaeḋeal ar feaḋ tamaill. Níor ġéill na hÉireannaiġ agus Alasdar troiġ do na Gallaiḃ. ’San deireaḋ ṫiar, do ḃris ar an sluaġ Gallda, agus níor stad na Gaeḋil de’n ruaig sin nó gur leanadar fad ceiṫre míle déag iad, agus go dtugadar bás do ṡé ṁíle dá sluaġ. Rug a ċapall Mac Ailín Mór slán ó’n ruaig agus ní ḋearna sé stad ná fad-ċoṁnuiḋe go raiḃ sé i mBaile an Ċaisleáin Nua i Sasanaiḃ. Lá Ḟeile Muire Mór sa ḃfoġṁar, sa bliaḋain 1645, cuireaḋ an caṫ soin.
Seaċt gcaṫa agus seaċt ruaga ṫug an t-arm Gaeḋealaċ soin idir Ġaeḋil Éireann agus Ġaeḋil Alban.[1] Ní raiḃ riaṁ agus ní ḃeiḋ go deó arm ba ċalma ná iad, agus ní mó do ṁair riaṁ taoiseaċ ba ċalma ná Alasdar ma Colla Ċiotaiġ. Rinne Montrós ridire ḋe le huġdarṫás Ríoġ Séarlus an tríoṁaḋ lá de ṁeaḋón ḟoġṁair, sa ḃliaḋain 1645. Deiċ lá dá éis sin, ḃí seaċt gcéad
- ↑ Is i gcaṫ de na caṫaiḃ sin ṫárla do Ṁáġnus Ó Caṫáin agus d’Ḟearaiḃ na Craoiḃe ruaṫar do ṫaḃairt fá na Gallaiḃ, go rángadar go ceart-lár a gcampa, an áit i raiḃ mór-ċuid arm teineaḋ fá réir aca. Rug Fir na Craoiḃe ar na harmaiḃ seo, aċt b’éigean dóiḃ cúluġaḋ roiṁ trom-ṡluaġ de Ġallaiḃ. Nuair ṫáinig siad ina n-áit féin, duḃairt fear aca, “Beag a ṁaiṫ ḋúinn airm ṫeineaḋ gan púdar is piléir.” “Is fíor duit,” arsa Máġnus; “ní mór dúinn filleaḋ agus púdar is piléir ḟaġáil.” D’ḟilleadar arís i lár an airm Ġallda agus ṫugadar lón púdair is piléar amaċ ón gcampa leó.