Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/36

This page has been proofread.

10

Éireannaċ ag Montrós i n-áit darab ainm Filipfáċ i n-aice Selkirk. Ṫárla ceó ann. Ṫáinig arm an Ċoiḃinint ’na dtimċeall, agus Leslie ’na ṫaoiseaċ orra. Ḃí an ḃuiḋean Éireannaċ ag troid go calma agus gan súil ag fear aca le teaċt beó as. Geallaḋ cáirde ḋóiḃ agus a n-anam do ṫaḃairt leó, aċt a gcuid arm do leagaḋ uaṫa. Rinneadar aṁlaiḋ. Cuireaḋ ċum báis láiṫreaċ iad, cúig céad a líon, agus muintir an ċampa. Trí ċéad bean, agus drong ṁór de ṗáisdíḃ agus de ṡeirḃíseaċaiḃ ḃ’í ḋá leanaṁaint. Rug Éireannaċ aṁáin ar ḃrataċ an ríoġ, ċuir ’na ṫimċeall féin í, gearr sliġe roiṁe, agus ṫug an ríġ-ṁeirge slán leis go dtí Montrós. Croċaḋ Máġnus Ó Caṫáin i nDún Éadain gan fiú an dliġiḋ do ċur air. Ṫug Párlamaid na hAlban orduġaḋ ar an uile Éireannaċ dá raiḃ gaḃṫa i bpríosúnaiḃ na hAlban d’éis an lae sin do ċroċaḋ suas gan cúirt gan dliġeaḋ.

Ó’n uair do sgar Alasdar mac Colla le harm an ríoġ agus le Montrós d’éis caṫa Cille Saiḋḃe, ní raiḃ aċt mí-áġ agus mí-raṫ orra go léir. Do ġaḃ Muintir Ċaimbéil Colla Ciotaċ, aṫair Alasdair, agus ċroċadar ar ċrann a luinge féin é.

Ṫáinig Alasdar féin go hÉirinn i riṫ na bliaḋna soin .i. 1647. Ḃí Murċaḋ na dtóiteán Ó Briain, tiġearna Inse Uí Ċuinn, fá’n am soin ag cosnaṁ na Muṁan do Ṗárlamaid na Sasan. An Tiġearna Táḟ ba ċeannṗort ar an arm Éireannaċ ina aġaiḋ sin. Ḃí buiḋean ċoisiḋe ag Alasdar mac Colla san arm Éireannaċ. Ṫárla caṫ idir an dá arm ar Ċnoc na nOs i gConndae Ċorcaiġe, idir Máġ Alla agus Ceann Tuirc. Ṫug Alasdar ruaig ar an leiṫ ċlí d’arm Uí Ḃriain, agus ċuir ċum teiċiḋ iad. Le n-a linn sin, do ġaḃ an leaṫ eile d’arm Uí Ḃriain i dtimċeall ar Alasdar, agus gaḃaḋ é. D’iarr sé a anam ar an oifigeaċ do ġaḃ é, fear de Ṁuintir Ġrádaiġ