Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/39

This page has been proofread.

13

Iarla Síoṫṗuirt, uaċtarán Ċloinne Coinniġ; agus Doṁnall Duaḃáil Mac Aoḋa, ua Máġnuis, .i. mórṁaor Meġraṫ, ’na ċeann ar Ṁorgannaċaiḃ; agus mórán do ḋaoiniḃ maiṫe oile do ḃí ’na n-uaċtaránaiḃ san aimsir sin, aċt naċ sgríoḃṫar annso aċt na daoine do ċonnaic mé féin agus feas coda dá ngníoṁarṫaiḃ ar cuiṁne agam.

Giḋeaḋ, is furusda ḋuit as an teangaiḋ ċoitċinn ina ḃfuilear ag sgríoḃaḋ san ríoġaċt fios ar ṫrioblóid na haimsire d’ḟaġáil, aċt so aṁáin, gurab cuiṁneaċ liom gurab iad na hAlbanaiġ is taosga do ṫionnsgain an cogaḋ so isna Trí Ríoġaċtaiḃ agus nár ḃ’iad Sagsanaiġ nó Éireannaiġ; óir, tar éis Coiḃineant nó coiṁċeangal do ḋéanaṁ i n-aġaiḋ an ríoġ agus Ṡagsanaċ um na heasbogaiḃ do ċur ar gcúl agus Presbitrí do ċur ’n a n-ionad gur ċuireadar fios ar a raḃa d’oifigeaċaiḃ Albanaċa isna ríoġaċtaiḃ eile taoḃ ṫall d’ḟairrge agus go ndearnadar árd-ċommandair d’Alasdar Leislí .i. sean-saiġdiúir do ḃí <go> fada i gcogaḋ ar ċoigcríċ. Do ġluais an t-arm sin ar a n-aġaiḋ go Sagsain; is é sin an ċéad arm do cuireaḋ ar cois i n-aimsir Ríoġ Séarluis agus is ’na aġaiḋ do ḃí sé. Do ċáiḋ na ríoġaċta tré n-a ċéile ó ṡin amaċ ’s an ḃliaḋain don annálaċ tárla sin 1639, agus i dteas na ngnóiḋiġe sin do ċuir Marcós Aontroma .i. Raġnall Óg mac Raġnaill Arannaiġ pártaiġ airm a hÉirinn le horduġaḋ an ríoġ go hAlbain agus daoine uaisle dá ċineaḋ leó .i. Alasdar mac Colla ṁic Giolla-Easbuig agus Coileneil Séamus mac Soṁuirle ṁic Ṡéamuis na Banna agus daoine uaisle oile. Do ċuadar ’na loingeas i mBaile Ṡac i mí Iulí, 1644. Níor ġaḃadar calaḋ nó tír go rángadar Caol Muile agus do ċuireadar léigeir má ċaislén Ċinn Loċa hAlann agus do ġaḃadar é agus do ḟágsad bárdaḋa air. Do ġluais- eadar as sin go caislén Ṁíoḋairiḋ; do ġaḃadar é le mór saoṫair; do fágḃaḋ daoine air dá ṁuintir. Do