Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/47

This page has been proofread.

21

nár ṁó clú ċruadála ar ṫreaḃaiḃ oile ná orṫa. Ar an aḋḃar sin, d’aṫnuaḋaḋ an ċoiṁċeangail baḋ ṁian liom a ċongnaḋ d’ḟaġḃáil uaiḃ-se agus is í sin malairt ċoisiḋeaḋ an ċéad lá dom ṡeirḃís dom ríġ ṡaoġalta — is é sin, mo ṡluaġ coise féin do ġaḃáil ċugad agus do ċoisiḋṫe-se do ċur ċugam.”

Do rinneaḋ go haṫlaṁ le hAlasdair mac Colla an ní sin: Do ċuir deiċneaḃar agus ceiṫre fiċid d’ionnsaiġe Mórṁaoir Górdón do na sean-saiġdiúiríḃ ar n-a ndearḃaḋ go minic i mór-ḋoċraiḃ i n-iomad d’áitiḃ; agus táinic ċuige ’na n-áit sin trí ċéad coisiḋe do ṁuinntir Ḃogaiġ na Gaoiṫe agus Sraṫa Ḃalgaiġ agus Ḃráiġe an Ṁaċaire nár ċleaċt cumaisg na cruaiḋe coṁlann ná torann treaṫan-ġarḃ troda. Aċt gér ḃ’olc d’Alasdair an ṁalairt sin, fá maiṫ dá ṁuinntir í, óir ní raḃadar i mblár ná i sgeirmis riaṁ fá saoire ḋóiḃ ná é; dar leó naċ raiḃ do ċúram ar ṁarcṡluaġ na nGórdónaċ aċt a ḃeiṫ ag teasargain na gcoisiḋeaḋ ón uile ċontaḃairt.

Iomṫúsa Alasdar, tairngeas a ṁuinntir amaċ a garrḋa i n-a dtarladar agus níor ċongaiḃ aige dá gnáṫ-ṁuinntir féin aċt deiċneaḃar agus dá ḟiċid dá ḋaoiniḃ uaisle; agus cuiris cúigear ar ḟiċid díoḃ sin san ċéad ranga agus cúigear ar ḟiċid san ranga ḋéiḋeanaċ ḋíoḃ, agus do ṫarraing a ṫrí céad coisiḋe Górdónaċ ’na meaḋón, agus do ġluais féin rómpa. Agus is iad daoine tárla ar a gcoṁair réisimeint ṫiġearna Laḃair, daoine tréanailte déanta agus daoine uaisle Leoḋúis i gcuideaċt a ċéile.

Do ṫionnsgain torann na troda, aṁail is gnáṫ san uile ṁaċaire, agus níor ṁaiṫ a fulang sin ag na coisiḋṫiḃ do ḃí i ndiaiḋ Alasdar ṁic Colla, óir ní ċluinfeaḋ cuid díoḃ sionnsa saiġde nó fead peiléir naċ déanaḋ cromaḋ cinn nó iomrall aisdir. Is é fá cosnaṁ d’Alasdair an uair sin, ag imṫeaċt i ndiaiḋ a ċúil, ag