Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/48

This page has been proofread.

22

sméideaḋ a láiṁe ar a ṁuinntir misneaċ ṁaiṫ agus máirseáil aṫlaṁ do ḋéanaṁ, agus gan d’ḟeiḋm ag á ḋaoiniḃ uaisle dá ḋéanaṁ aċt ag congḃáil a gcuideaċta na n-orduġaḋ nó gur ṡáruiġ orṫa. Dob’ aiṫniḋ daṁ daoine do rinne marḃaḋ ar na coisḋṫiḃ Górdónaċa, dá gcongḃáil ó briseaḋ do ġaḃáil. Mar do ċonnaic an náṁaid an ní-se, d’éiṁġeadar a n-ionnsaiġe agus an t-asált do ṫaḃairt. Ṫug Alasdair orduġaḋ .i. an garrḋa as ar ṫrialladar roiṁe sin do ṫaḃairt orṫa, agus tángas orṫa faoi sin le pícíḃ agus le saiġdiḃ. Do báḋas ag déanaṁ marḃṫa orṫa ar gaċ taoḃ don ġarrḋa má ḃfuair an ċuideaċta isteaċ ann. Do ḃris cloiḋeaṁ Alasdar, agus fuair sé cloiḋeaṁ oile ’na láiṁ, agus ní raiḃ cuiṁne aige féin cia tug dó é, aċt daoine ag taḃairt baraṁla gur b’é a ċliaṁain Mac Ḋáiḋe Áird na Croise tug ḋó a ċloiḋeaṁ féin, agus do ṫuit Mac Ḋáiḋe san uair sin, agus Feardorċa Mag Aoḋa, agus daoine uaisle maiṫe oile má ḋorus an ġarrḋa, do ḃí ag fanṁain re hAlasdair do ċur isteaċ rómpa. Agus ar ndul d’Alasdair isteaċ san ġarrḋa, do ċuir gléas troda ar a raiḃ istiġ ann do ṫaḃairt relífe dá ṁuinntir do ḃí amuiġ agus fá díoḃ Raġnall mac Doṁnaill ṁic Aonġuis Ṁuilig Ṁic Ceanain. Ní léigim ṫorm an beagán so do ċur síos dá ġníoṁarṫaiḃ:”

Do rala ḋó a ḃeiṫ ar siuḃal imeasg na nGórdónaċ (agus ní hionann taoḃ don ġarrḋa gus ar ġaḃ sé agus an ċuid eile do ḋaoiniḃ uaisle Alasdar do ḃí imeasg na nGórdónaċ ar siuḃal) nó gur ṁoṫuiġ sé an teapar dá ċur má na slinnénaiḃ aige. Do iompáiġ a aġaiḋ re n-a náṁaid. Do ḃí a ċloiḋeaṁ ’má ḃráġaid agus sgiaṫ ar a láiṁ ċlé agus gunna glaice ’na láiṁ ḋeis. Do ċuir sé an gunna riú agus do stadar cuideaċt do luċt píceaḋ do ḃí ’na ḋiaiḋ, mar tárla sliġe ċuṁang rómpa. Leis sin ní raḃa duine dá ċuideaċt féin do ḃí ’na ḋiaiḋ gan