Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/54

This page has been proofread.

28

Clann Ġiolla Eóin ó Ṁuile agus Stiuḃardaiġ na hApann agus Clann Ġriogóir agus foireann oile. Ar rioċtain dóiḃ campa Muntrós do ḃí fáilte ṁór agus lúṫġáir ag Muntrós agus ag cáċ oile rómpa. Do taisbénaḋ gaċ cuideaċt ar leiṫ d oḃ don Ġinireil agus tug an ċuideaċt sin mic Eoin Ṁúideórdaiġ (do taisbénaḋ) .i. Doṁnall, fear mánda croṫaċ náraċ neaṁṡotalaċ i ḃfiaḋnaise a ċarad an fear soin agus é neartṁar neaṁsgáṫṁar ar aġaiḋ a eascarad agus i gceann a ḟiċead bliaḋna dá aois fán am soin. Tárla coṁráḋ an oiḋċe sin i dteint an Ġinireil eidir an Ginireil agus an maiġeir gionaral, .i. Alasdair mac Colla, go nduḃairt Muntrós nár ṁór an ċuideaċt do Ċaiptín Ċloinne Raġnaill gan líon creiċe do ṫaḃairt isteaċ go harm an ríoġ [agus] do ċur le n-a ṁac ċuige. Do ḟreagair Alasdair gur ċuir sé sin leis. Do éiriġ Alasdair as an teint amaċ agus ráinic an lóisdín ina raḃa Doṁnall agus do ráiḋ ris: “A Ḋoṁnaill, a ṁic,” ar sé, “déin ullṁuġaḋ do ṁuinntre do ċum creaċ do ṫaḃairt don ċampa agus bídís réiḋ agad go gluasaċt ar maidin amáraċ agus ní raċa leat aċt do ṁuinntir féin agus luċt eoluis don tír dá mbí ar n-orduġaḋ.” Do fuaradar a n-orduġaḋ ar maidin ’na diaiḋ. Tugadar creaċa móra don ċampa i n-aimsir aṫġoirid dó. Do ṫaitin sin le Muntrós agus leis an arm uile, ionnus gur b’é Doṁnall agus a ṁuinntir is mó do rinn creaċa dá raiḃ san arm uile. Cuid d’aḋḃaraiḃ na gcreaċ sin do ṫuit air tar daoiniḃ oile, do ḃíoḋ mórán do Ġaoiḋealaiḃ oile do ċurṫaoi do ṫógḃáil ċreaċ ag imṫeaċt leis na creaċaiḃ do-nídís d’ionnsaiġe a dtíreaḋ féin gan ċead dá nginiral. Ní ḋéanaḋ mac Eóin Ṁúideórdaiġ an ní sin, óir ní léigfeaḋ neaċ dá ṁuinntir le creiċ ná le coḃartaċ uaḋa, agus aḋḃar oile, nár ḃ’urusda da ṁuinntir d’ḟearaiḃ na n-oilén teaċt le creaċaiḃ d’ionnsaiġe a dtíorṫa féin ón Ṁaċaire Ġallda.