Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/67

This page has been proofread.

41


III.


Mac Eóin Ṁúideórdaiġ ṁóir ṁir,
Giorra a ré is géar rom ġuin:
Truaġ mo ṫoisg i ndeoiḋ an ḟir —
Do loisg sin m’ḟeoil agus m’ḟuil.

IV.


Noċa n-ḟacas aon mar é
Ar ġasdaċt, ar ġloine a ġné:
Ar ḟéile, ar ḟeaḃas um ní
’S réiḋe ár rí (mo ċreaċ!) san ċré.

V.


An-altra é is oide ar sgol,
Ar n-antrom, a Ḋé, a ḋul:
Do ġéad a ṡaoġal mo ṡeaḋ,
Ceaḋ aċt béad baoġail ’nar mbun.

VI.


Leoṁan é ar ġairge a ġníoṁ,
Aċt naċ taḋlaḋ ní buḋ nár:
Fear ceann ag seolaḋ na síoḋ,
M’annsa díon ḋeoraḋ is ḋáṁ.

VII.


Leon ar mo ċroiḋe ’gá ċaoi,
Deoraiḋ is duine gan ní:
Mise ar buile, gé bé mé,
A Ḋé, ’mam ruire ’s ’mam rí.

VIII.


Mear a meanma ar ġort ġliaḋ,
Ceann feaḋna gan eiteaċ n-áiġ:
Láṁ nár ṫais san ċoṁlann ċruaiḋ
Doṁnall go mbuaiḋ ’na ḃais ḃán.