Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/79

This page has been proofread.

53

VI. Beagán Sgéalaiḋeaċta ar Alasdair Mac Colla.

Reaċrannaċ .i. Glasba Beag Mac Giolla Ṁuire d’innis.


I. Suipeár Alasdair.

Ḃá[1] Colla Duḃ ann agus ḃá mac aige an[2] raḃ Alasdair mac Colla air agus ḟuair a ṁáṫair bás agus ṗós a aṫair aríst agus ċa raḃ í[3] (.i. a ṁáṫair ċéile[4]) maiṫ dó agus ḃíoḋ é[5] a’ dul a luiġe má ṫuitim[6] na hoiḋċe. Ag am suipeir raċaḋ ise le n-a ṡuipeár agus deireaḋ í go mór:

“Eíriġ, a Alasdair, is glac do ṡuipeár.”

Deireaḋ eisean: “Goidé ṫá ’nn?”

Deireaḋ ise go beag: “Feoil do ċon ċéir.[7]

Deireaḋ eisean: “Ċa ġlac mí ḟéin.[8]

Deireaḋ ise: “Ṫá[9] é bláṫ.”

Deireaḋ eisean aríst: “Cad aṫá.[10]

Annsin deireaḋ ise go mór annsin, dóiġ is go gcluineaḋ a aṫair í ’gá ċur ar a ċois: “Eíriġ! Eíriġ!"

[D’ḟoġlaim Glasba Beag an sgéilín sin ó Albanaċ, ar ċuma go raiḃ “glaċc” aige ann i n-ionad “glac” atá ag na Reaċrannaċaiḃ; mar sin do rudaíḃ eile leis .i. “cad aṫá," agus rl.]

II. An Oiḋċe Iongantaċ.

Ḃá Alasdar ag an dorus. Duḃairt a aṫair leis:

“Goidé an seórt oiḋċe atá ann anoċt?”

“Tá,” arsa Alasdar, “oiḋċe réabogaċ, róbogaċ rialtogaċ, ġealaiġe, gan turaḋ, gan uisge.”

“Tá oiḋċe iongantaċ ann,” ars’ an t-aṫair.


  1. .i. ḃí.
  2. .i. a.
  3. .i. sí.
  4. .i. a leasṁáṫair.
  5. .i. sé.
  6. nó le tuitim.
  7. “ċéi’.”
  8. “héi’.”
  9. Tá (i Raċlainn).
  10. Cad atá (Raċlainn) .i. má tá.