Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/82

This page has been proofread.

56

d’Insiḃ Gall) ’seaḋ fuair sí é. Aṁrán de roinn na “luinneog” é, do rinneaḋ, b’ḟéidir, le linn Alasdair féin a ḃeiṫ beó nó sgaṫaiṁín beag ’na ḋiaiḋ sin. Féaċ mar laḃairtear ann ar ṁarḃaḋ Ṫiġearna Aċaiḋ na mBreac, ar losgaḋ Ġlasċó, agus ar Obair-Ḋeaḋain a ḃeiṫ dá ċreaċaḋ, agus gur “indé” do ċuala fear an aṁráin cuid de na sgéalaiḃ sin .i. “Glasċó a ḃeiṫ ag dul ’na lasair.”

Ó ṫárla go ḃfuil an Ġaeḋilg ḃunaiḋ ar caoṁnaḋ ag Inġin an Tolmaiġ ’sé rud do rinneas-sa annso aċt déanaṁ an Éireannaċais do ċur ar an Albanaċas. Aċt tuigṫear uaim naċ fuil oiread is focal aṫruiġṫe óm láim-se, mar naċ dearna aċt gramadaċ (.i. nós graiméir) na hÉireann do ċur i n-ionad gramadaiġe na hAlban. Ná tógṫar orm gur ċoingḃeas trí focail naċ fuil coitċeann i nÉirinn, .i. “go n-earbainn” (.i. go mbeaḋ súil agam le, go mbeaḋ ionntaoiḃ nó muiniġin agam as)—focal fíor-Ṡean-Ġaeḋilge é seo naċ féidir a ṡáruġaḋ ar ṁéad a aoise agus a ḟírinniġe, an té do ċuardóċaḋ Gluaiseanna an Straċánaiġ, erbaid, no-m-erpimm, is, má ċailleamair-ne i ḃfus é, ní misde é ḃeiṫ beó ṫall; “uir” (.i. bruaċ), sin focal ḃíos go mion minic i sgéalaiḋeaċt ár leaḃar láṁ; “ploc” (.i. torp, dairt, fód), focal a ṫuigfeaḋ duine as an gcoiḃġe, cé naċ fuil sé ar bail i ḃfus againn, dom iúl féin.

’Sé rud do-ní an t-aṁrán so caiṫréim Alasdair do ċeileaḃraḋ ḋúinn.

An Ṁáirseáil.

Is iomḋa sgéal ar “Ṁáirseáil Alasdruim.” Seo mar do laḃair Smiṫ i n-a stair ar Ċonntae Ċorcaiġe: “Tá saḋas ceoil ann atá an-aisteaċ agus toġa an eolais air san Ṁuṁain ón ainm Máirseáil Alasdruim — riṫlearg ḟiaḋain é do rinneaḋ i n-onóir an taoisiġ sin, agus é fá