Page:An Biobla Naomhtha - Bedell.djvu/11

This page has not been proofread.
Cealg na nathrach.
An siól beannaighte.
CAIB. III, IV.

25 Agus do bhádar araón lomnochd an fear agus an bhean, agus ní raibh náire orra.

CAIB. III

Peacadh an dúine. 15 Agús géalladh chomhfúasgladb Dé thrid shíl na mná.

1 ANOIS do bhí a nathair nimhe ní budh cealguidhe ná áoin bheitheach san mhachaire dá ndearna an Tighearna Día. Agus a dubhairt sí ris an mhnáoi, A neadh, a ndubhairt Día, Ní iostáoi dá gach áon chrann sa ngáirdín?

2 Agus a dubhairt an bhean ris an athair nimhe, Féadmáoid ithche do thoradh chrann an gháirdín:

3 Achd do thoradh an chroinn atá a lar an gháirdín, a dubhairt Día, Ní íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfaidh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás.

4 Agus a dubhairt a nathair nimhe ris an mnáoi, Ní bhfuighthí bás go deibhin.

5 Oir atá a fhios ag Día ann sa ló a níostáoi dhe sin, go bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus uilc aguibh.

6 ¶ Agus a nuáir do chonnairc an bhean go raibh an chroinn maith chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann iondúileamhla chum áoin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh, agus do ith sí, agus tug mar an cceúdna dá fear maille ría; agus do ith sé.

7 Agus do hosgladh a súile araón, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd, agus do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus dorinneadar aprúin dóibh féin.

8 Agus dochualadar guth an tighearna Dé ag spaisdeóireachd ann sa ngáirdín a bhfuardhachd an laoi, agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad féin ó fhiadhnuisi an tighearna Dé a measg chrann an gháirdín.

9 Agus do ghoir an Tighearna Día ar Adhamh, agus adubhairt ris: Cáit a bhfuil tú?

10 Agus adubhairt seison: dochuala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do bhí eagla orm do chionn go raibh mé nochduighe, agus do foluigh mé méfein.

11 Agus do ráidh seision; cía dinnis duit go raibh tú nochduighe? ar ith tú don chrann do aithin misi dhíot nach íosfá dhe?

12 Agus adubhairt an fear: an bhean tug tusa dhamh (chum beith) am fhochair, tug sí dhamh do thoradh an chroinn, agus dith mé é.

13 Agus adubhairt an Tighearna Día ris an mnaoi; créud éso dorinne tú? agus adubhairt an bhean, do mheall anathair nimhe mé, agus do ith mé.

14 Agus adubhairt an Tighearna Día ris anathair nimhe: do bhrígh go ndéarna tú so, atá tú malluithe ós an uile áirnéis, agus ós gach uile ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg siubhólus tú, agus luaithreadh íosas tú ar feadh uile laéthe do bheatha.

15 Agus cuirfi misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol agus a síolsan; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a shálsan.

16 Adubhairt sé ris an mnaoi, méideócha mé go mór do dhoilgheas agus do thoirrchiughadh; a ndoilgeas bhéuras tú clann, agus dot fhior (bhias) thfon, agus dodhéuna sé uachtarántachd ort.

17 Agus adubhairt sé ré hAdhamh, do bhrígh go ttug tú éisdeachd do ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann ar aithin misi dhíot, dá rádh, ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon, a ndoilghios íosas tú dhe ar feadh uile laéthe do bheatha.

18 Droighneach fós agus foghbhannáin dobhéura sé dhuit, agus íosa tú luibh na talmhan.

19 A nallus haighe íosas tú arán no go bhfilligh tú chum na talmhan; óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú agus chum luáithridh fhillfios tú.

20 Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnaoi, do bhrígh gurab í mathair an uile bheo í.

21 Do Adhamh mar an ccéudna agus dá mhnaoi dorinne an Tighearna Día cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé iad.

22 Agus adubhairt an Tighearna Día; féuch, atá an duine arna dhéunamh mar aón aguinn féin dfios maitheasa agus uilc: agus anois deagla go ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus go níosfadh agus go mairfeadh go bráth.

23 Ar anadhbhursin do chuir an tighearna amach as gáirdín Eden é do shaóthrughadh an talamh as ar tugadh é.

24 Marsin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid shoir do gháirdín Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha noch do iompoigheadh ann gach uile thaóbh do choimhéud slighe chroinn na beatha.

CAIB. IV

Geineadh Cháin agus Abel. 25 Geineadh Sheth agus an naomh úadh.

1 AGUS do luigh Adhamh ré na mhnáoí Eúbha; agus do thoirrcheadh í, agus rug sí Cáin, agus a dubhairt sí; do ghnoghuidh mé duine ón Dtighearna.

2 Agus rug sí a rís a dhearbhrathair Abel. Agus do bhí Abel na áodhaire caor-

2
B 2