AN
CHEAD LEABHAR DO MHAOISI
DA NGOIRTHEAR GENESIS.
CAIB. I.
Cruthughudh an domhúin uile a sé laithibh.
AR ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.
2 Agus do bhí an talamh gan fhoirm, agus folamh; agus do bhi dorchadus ar aghaidh an aigéin. Agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.
3 Agus a dubhairt Día, Bíodh solus ann: agus do bhí an solus ann.
4 Agus do chonnairc Día an solus: gur mhaith é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorchadus.
5 Agus do ghoir Dia don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé oidhche. Agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.
6 ¶ Agus a dubhairt Día, Biodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.
7 Agus do rinne Día as fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faói an bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente: agus do bhí mar sin.
8 Agus do ghoir Día don fhiormament neamh. Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an dara lá.
9 ¶ Agus a dubhairt Día, Cruinnighthear na huisgeadha atá fáoi neamh a néunáit, agus léigthear an úir tirm leis: agus do bhí mar sin.
10 Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnighthibh na nuisgeadh do ghoir sé fairge; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
11 Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh féur, agus an laibh as a ttig siol, agus crann toraidh do bheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann féin ar an ttalamh; agus do bhí mar sin.
12 Agus tug an talamh mínfhéur, agus luibh do bheir síol do réir a chinéil, agus crann do bheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
13 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.
14 ¶ Agus a dubhairt Día, Bíodh lochrainn a bhfiormaraent neimhe do roinn eidir an lá agus a noidhche; agus bídís ar son chomharthaibh, agus ar son aimsearuibh, agus ar son laithibh, agus bliaghnuibh:
15 Agus bidís mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh; agus do bhí mar sin.
16 Agus do rinne Día dhá lóchrann mhóra; an lóchrann as mó do ríaghladh an laói, agus an lóchrann as lugha do ríaghladh na hoidhche: agus na réulta mar an cceadna.
17 Agus do shuighe Día íad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh.
18 Agus do ríaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn idir an tsolus agus an dorchadus; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
19 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.
20 ¶ Agus a dubhairt Día, Tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an créatuir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhéadfas eiteadh ós cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.
21 Agus do chruthaidh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beó chorruigheas, noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile éun sgiathánach do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
22 Agús do bheannaigh Día íad, ag rádh, Bíodh sibh tórrthach agus firlíonaidh, agus lionaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus líonadh an éunlaith ar an ttalámh.
23 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigéadh lá.
24 ¶ Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh úadha créutúir beó do réir a chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil; agus do bhí mar sin.
25 Agus do rinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a gcinéil, agus áirnéis do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
26 ¶ Agus a dubhairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar ccosamhlachda féin, agus bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlath an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talmhan uile, agus