Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/102

This page has not been proofread.

92

Ḃí iongnaḋ orm céard d’éiriġ don ṁac ríoġ i ndiaiḋ ḃáis na mná, agus ḃí sgannraḋ orm go mbeinn gan eólas air sin go bráṫaċ, mar tá deireaḋ le sgéal an uġdair Ṡíniġ annseo: aċt ag dearcaḋ dom ṫríd an leaḃair ṫugas an giota seo ’mo ḋiaiḋ faoi deara:—

“Ṫárla dúnṁarḃaḋ i bpríoṁ-ċaṫair na nAibitíneaċ ḋá lá i ndiaiḋ ḃáis an tsean-ríoġ ċumasaiġ Alum-ba. An tráṫ sin ḃíoḋ fear ag taisdeal na tíre, ag dul ó ċaṫair go caṫair agus ó ḃaile go baile agus ag déanaṁ cainte faoi’n mbantraċt leis an sluaġ. Ní raiḃ cleas dá raiḃ aca naċ raiḃ ar eólas aige; ní raiḃ urċóid ná gangaid ná calaois ná cealg ina gcroiḋe nár noctuiġ sé go cruinn agus go beaċt go dtáinig buile agus fiuċaḋ fola agus mire intinne ar an mbantraċt uile i ḃpríoṁ- ċaṫair ṡár-áluinn na nAibitíneaċ, go dtáinig maṫṡluaġ mór díoḃ go dtí an teaċ ’na raiḃ coṁnaiḋe air oiḋċe, gur ċuireadar an teaċ agus a raiḃ ann fré ṫeine.....”

An saoi nó daoi a loisgeaḋ? Nó, arḃ’ féidir gurḃ’ é an mac ríoġ a ċaiṫ seaċt mbliaḋna dá ṡaoġal i gcuideaċtain mná ar oileán uaigneaċ mara a ṫug a anam ar an ealaḋain úd dá dtug sé gean a ċroiḋe?