Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/12

This page has not been proofread.

2

siuḃalta aige, ḃí a ṫeanga calcṫa leis an tart agus d’éiriġ a ċroiḋe nuair a ċonaic sé an t-uisge geal aoiḃinn ag éirġe aníos as an gcloiċ aoil. D’ól sé a ṡean- deoċ ḋe, agus do luiġ sé ar ċnáṁ a ḋroma faoi ċrann fíge a ḃí ag fás le hais an tobair. Ní raiḃ a ḟios aige cé’n t-aċar a ċaiṫ sé ar a ṡuaiṁneas ag déanaṁ a smaointe faoi’n gcrann, nuair a ċuala sé glórṫa binne ban ċuige ar an ngaoiṫ. D’éist sé go haireaċ. B’ḟacṫas dó nár ċuala sé ariaṁ glór ba ḃreaġṫa ná glór aon ṁná díoḃ. Ḃí sgata mór aca ann, agus iad ag líonaḋ a gcuid árṫaċ ag an ḃfuarán, agus ag gaḃail ḟuinn dóiḃ féin san am céadna. Ba ḃreáġ leis glór mná díḃ, aċt ba ḃreáġṫa leis an ḃean féin, an ḃean ḃeag ṁear sin a ḃí ’n-a seasaṁ ar ċloiċ ar ḃruaċ an tobair. Ḃí fonn mór air ḋul ’n-a hairicis; ḃí dúil ṁór ann laḃairt léiṫe, aċt céard d’ḟéadfaḋ sé a ráḋ? Ḃí eólas aige faoi’n am seo ar nósaiḃ na tíre agus cleaċt aige ar an teangaiḋ; ṫosaiġ sé ag canaḋ na n-aṁrán mar cáċ. Ċuir na mná cosg leó féin agus do leigeadar don ḟear ċoiṁṫiġeaċ aṁrán eile a ġaḃail leis féin.

“Naċ feárr an t-aṁrán é sin,” ar sé leis na mnaoi ’n-ar ċuir sé an tsuim ṁór, “ná an ceann a ḃí agaiḃ-se?”

Ḃí cúṫail uirṫi laḃairt leis an fear óg a ḃí ’gá hinḟiúċaḋ. Do ḋearg sí beagán agus do ḋearg seisean; d’imṫeóċaḋ sé ar an nóiméad sin, mar ḃí sé féin roinnt cúṫalaċ, maraċ gur sgiorr ceann den dá ṁála uisge a ḃí ar ḋruim a hasail. Réiḋtiġ seisean é agus duḃairt:

“An fada as seo é go baile Hebrón? Níl aon eólas agam san áit seo.”

“Is ann atá coṁnaiḋe orainn-ne, a ḋuine ċóir,” ars’ an ḃean go múinte; “beiḋ mise agus mo ċuid ban aimsire ag dul fá ḋéin na háite sin i gceann leaṫ uaire.”

Do líonaḋ na málaí leaṫair le uisge; cuireaḋ ar ḋromaiḃ na n-asal beag duḃ iad, agus do ġluais leó ó ḋeas fá ḋéin an ḃaile.