8
- an óige;
- suim sa mnaoi;
- tuilleaḋ suime innti;
- gráin ar a fear;
- an smact a ċuir sé uirṫi;
Céard d’ḟéadfaḋ fear óg a ḋéanaṁ, dá mbáḋ feallsaṁ- naiḋe féin é, aċt an ḃean a ṫárrṫáil? Agus an raiḃ aon dóiġ eile ann le n-a ḋéanaṁ aċt í ḃreiṫ leis ċun a ṫíre féin?
Annsin:—
- fuaṫ a gcarad;
- coṁrac leó;
- imṫeaċt ó n-a ṫír féin;
- boċtanas i dtír eile;
- an ḃean ag dul i n-aois;
- é féin ag dul i n-aois;
- an fuinneaṁ ag éaluġaḋ uaṫa beirt;
- cantal;
- neaṁ-aire;
- fuaṫ;
- beirt ḃoċt ar fán agus fuaṫ aca ḋá ċéile!
∗
∗ ∗ |
Ḃí caise cainnte, ag teaċt ó ḃéal an ḟeallsaṁnaiḋe, aċt ba ḃeag an áird a ḃí ag an mnaoi a ḃí taoḃ leis ar a ċuid cainnte. Ag súil le duine éigin a ḃí sí, agus a súile sa tsliġe ṁóir, agus sa bplás leaṫan atá taoḃ amuiġ de ġeata Iarúsalem. Ag súil le n-a fear a ḃí sí, ag súil leis an gcriadóir; aċt ní le gráḋ ḋó. An inġean d’ḟág sí ’n-a diaiḋ ’n-a ṫeaċ a ḃí ag déanaṁ buaḋ- arṫa ḋi le seaċt mbliaḋna. Dá ḃféadfaḋ sí uair a ċaiṫeaṁ léiṫi ḃeireaḋ sí uaiṫi a raiḃ aici sa saoġal.....
Ċuaiḋ fear ṫart; oċt n-asail dá dtiomáint aige agus iad luċtuiġṫe le soiṫiġiḃ criaḋ. B’é an criadóir a ḃí ann.