Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/20

This page has not been proofread.

10

le duine de ṡagartaiḃ an teampuill. Ní ḃéad ṫar an uair.”

D’imṫiġ sé. Casaḋ dream Fairisíneaċ agus sgríobaiḋṫe leis; agus ’sé an ċoṁairle ċeapadar ḋul ar ais ċuig geata na caṫraċ agus breiṫ ar an mnaoi, agus í ṫaḃairt i láṫair Ċríost, agus cúis a ċur uirṫi.

“Bean a rinn aḋaltrannas í,” arsa duine aca; “má abruiġeann sé linn í sgaoileaḋ saor béiḋ ar ndliġṫe dá réabaḋ aige, agus má abruiġeann sé go mbaḋ ċóir í ċloċaḋ dé réir an dliġe, beiḋ an ċoṁairle ṫug sé uaiḋ go minic curṫa ar leaṫtaoiḃ aige.”


∗             ∗

Tugaḋ an ḃean i láṫair Íosa. Do sgríoḃ sé ar an talaṁ le n-a ṁéir:

“Cé b’é agaiḃ-se atá gan peacaḋ caiṫeaḋ sé an ċéad ċloċ léiṫi...

“...Ar a ċlos sin dóiḃ d’imṫiġeadar amaċ i ndiaiḋ a ċéile, ag tosuġad ó na sinsearaiḃ ...; agus do fágaḋ Íosa ’n-a aonar agus an ḃean ’n-a seasam ’n-a láṫair,” mar deirtear linn sa Soisgéal.

Agus duḃairt Sé léiṫi:

“Imṫiġ róṁat, agus ná peacuiġ feasta.” Aċt do lean sí Íosa...


∗             ∗

B’é an criadóir an duine deiriḋ d’ḟág an áit. Ḃí cloċ ġéar aige i gcúl a ġlaice, agus nuair nár ḟéad sé an ċloċ sin, an ċéad ċloċ, a ċaiṫeaḋ léiṫi, d’éaluiġ leis ṫríd na sráideannaiḃ gur ṡroiċ an geata. Ḃí an feallsaṁnaiḋe annsin roiṁe; ṫáinig sé air i ngan ḟios agus ċuir an ċloċ go doiṁin ’n-a ċloigeann.