Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/21

This page has not been proofread.

An Coiṁṫiġeaċ a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air.


Ḃí beirt ḃan óg ag líonaḋ a gcuid soiṫeaċ criaḋ as tobar atá i ḃfoisgeaċt aistir sabóide don ḃaile beag ar a dtugtaoi Saċaman na Samaria i n-aimsir Ċríost. Lá aoiḃinn saṁraiḋ a ḃí ann, agus leis an gcrónán a ḃí aca, agus le díċeall a saoṫair, b’ḟada an t-aċar go dtugadar faoi deara go raiḃ fear óg ’n-a ṡuiḋe ar ċloiċ i ngar ḋóiḃ. Nuair a ṫug, ċuireadar deireaḋ leis an aṁránaiḋeaċt agus leis an obair, agus d’ḟéaċ i dtreó an ḟir óig. Ḃí a ċeann faoi aige-sean, agus gan cor as; aċt ó ḃí sé ar ṁullaċ na heiscire ar ar tugaḋ Giall an tSean-leoṁain Ṁanntaiġ, agus é idir iad agus bun na spéire, d’éiriġ leó a ċuma agus a ċruṫ a sgrúd- uġaḋ go maiṫ, agus gan ḟios aige-sean go raḃadar ann.

Ḃí ceann beag air, ceann beag deaġ-ċumṫa agus folt duḃ cataċ ag tuitim anuas a ḃaic, aċt nuair a ṫagaḋ smaṫaṁ beag de’n ġaoiṫ aniar ṫar ġualainn an áird, do croċtaoi an folt dá ḃaic, agus d’ḟeictí muineál ċoṁ bán agus ċoṁ bog agus háluinn le haon ṁuineál dár facṫas ariaṁ. Ba ḃeag bean óg (den aimsir sin) d’ḟeiceaḋ an muineál áluinn agus an folt cas sin, a ḃí ag tuitim anuas air, naċ mbéaḋ dúil aici láṁ a leagaḋ air, agus a méara fada caola a ċur i n-aiṁréiḋ san ḃfolt cas.

Aċt má ḃí a leiṫéid de ḋúil i gcroiḋe ceaċtar de na mnáiḃ óga ḃí ag an tobar níor noċtuiġeaḋ ’n-a gcuid cainnte é. An té ba ġéire súil agus ba ċruinne breiṫ- eaṁnas, ní ḟéadfaḋ sé a ráḋ go cinnte go ndeárnadar níos mó deifre, ar ḟeiceál an ḟir óig ḋóiḃ, muna ḃfeiceaḋ

sé féaċaint ṫug duine aca ar an duine eile. Aċt rinne;

11