Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/23

This page has not been proofread.

13

Níor laḃraḋ smid. Ḃí draoiḋeaċt éigin ag fear óg na gruaige fada duiḃe agus na súl aisteaċ ar an mbeirt, agus gan focal a ráḋ ċuir sé iallaċ orṫa é a ṫreóruġaḋ go dtí an baile beag ’n-ar ċoṁnuiġeadar.


∗             ∗

Ḃí sliġe ḟada le siuḃal aca. Ḃí an ḃeirt ḃan i dtosaċ, agus an fear tuairim ’s deiċ slat ar a gcúl. Ḃí an oiḋċe ag tuitim go mear, agus ċuireaḋ gaċ torann dá gcluineaḋ na mná uaṁan orṫa. B’ḟada agus ba ró-ḟada leó go raḃadar sa mbaile, aċt dá ḃfuiġidís faill imṫeaċt ón té ḃí ’ġá sálaiḃ, ón té ḃí ag cur uaṫḃáis orṫa, is cinnte naċ n-imṫeóċaidís. Laḃair an oiḋċe go géar agus go truaiġṁéalaċ imeasg na gcnoc. Baineaḋ geit as mnaoi an tsoiṫiġ nár briseaḋ. Sgiorr sí. Ṫuit sí. Briseaḋ a hárṫaċ. Ṫáinig an fear suas leó. Leag láṁ ar ġualainn na mná a ṫuit. D’ḟéaċ uirṫi ’sna súiliḃ. Ṗreaḃ a croiḋe ar nós trompáin tollta. Ṫáinig creaṫaḋ i ngaċ ball dá ballaiḃ. Do sgread an ḃean eile aċt do ġluaiseadar ’n-a dtriúr, cos ar ċois, fá ḋéin an ḃaile.

Ḃí draoiḋeaċt orṫa ag an ḃfear sin a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air.

Faoi ḋeireaḋ ċonnaiceadar an baile síos uaṫa sa ngleann: tiġṫe beaga cearnógaċa gan beanna; crainn fíge agus crainn ṗailme ṫall ’s i ḃfus. Ó ḃárr na heiscre do ċeapfaḋ duine naċ raiḃ ’sna crannaiḃ aċt crainn ḃréige agus naċ raiḃ ’sna tiġṫiḃ aċ bréagáin leanḃ.


∗             ∗

Ar ṫeaċt go ceann an ḃaile ḋóiḃ, i n-aice le tiġ an ġréasaiḋe, do ċonnacadar a lán solus beag ag déanaṁ orṫa, agus do ċualadar caintaireaċt sluaiġ ṁóir a ḃí ag dul ag déanaṁ bainse ’san gceaṫraṁain sin don ḃaile