Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/24

This page has not been proofread.

14

de réir nósa na haimsire, agus ní bréag a ráḋ gur tógaḋ croiḋe na n-óg-ḃan ar ḟeiceál na cuideaċtan séiṁe seo dóiḃ.

Rinne an ċuideaċta uile ar ṫeaċ na bainse, agus ċuaiḋ an méid díoḃ a ḃí ag iomċur na lóċrann isteaċ. An ċuid eile, an dream nár tugaḋ cuireaḋ ḋóiḃ, do ṡuiḋeadar ar ṡuiḋeaċánaiḃ faoi na crannaiḃ ṫall ’s i ḃfus ar fud an ġáirdín.

Ba nós é i gCríoċ na Samaria cuireaḋ bainse ṫaḃairt d’aon ċoiṁṫiġeaċ ṫiucfaḋ an bealaċ; ċuaiḋ an fear a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air isteaċ—aċt naċ ait an rud é go ndeaċa an ḃeirt ḃan óg isteaċ gan cuireaḋ gan iarraiḋ agus iad ag iarraiḋ éaluġaḋ uaiḋ ó casaḋ le ċéile i dtosaċ iad? A ċuid draoiḋeaċta, is dóċa!


∗             ∗

Ċuir an coimṫiġeaċ óg a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air sgannraḋ ar ċuid ṁaiṫ de na daoine ċonnaic é ag an mbainis. Ḃí fear ann agus é ag gaḃáil ċeóil ar an gcineál cruite ar ar tugaḋ an “ceannóir,” aċt nuair d’ḟéaċ an coiṁṫiġeaċ air, ṫuit an gléas ceóil ar an urlár uaiḋ. Ní raiḃ sé i n-ann a ṫuilleaḋ ceóil a ġaḃail an oiḋċe sin; duḃairt sé gur réab an coiṁṫiġeaċ na téada le féaċaint a ṡúl! Ḃí bean óg ann a ḃí ag roinnt bíḋ ar an gcuid- eaċtain agus nuair a ṡáiṫ an coiṁṫiġeaċ a ḋá ṡúil innti ċuaiḋ sí i laige, agus b’éigin í ṫaḃairt amaċ fá’n spéir go dtiocfaḋ sí ċuici féin. Aċt nuair a ṡín bean óg an tiġe corn fíona ḋó níor ṫáinig múisiam ar biṫ uirṫi; aċt duḃraḋ ’n-a ḋiaiḋ sin gur mar ġeall ar a ṡúile ḃeiṫ dúnta aige-sean a ċuaiḋ sí saor. Is dóċa gur ṫuig an coiṁṫiġeaċ óg cé’n cumaċt a ḃí i n-a ṡúiliḃ, mar ċuaiḋ sé isteaċ i gcúinne leis féin agus d’ḟan sé annsin ar feaḋ na hoiḋċe agus a ċeann faoi aige.