Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/29

This page has not been proofread.

19

Sgaoil sé leis an dá ḋream. Níor ḃréagnuiġ sé ceaċtar den dá ḋream, bíoḋ is go raiḃ sé ’n-a ċumas sin a ḋéanaṁ. Fear ar gnás dó ḃeiṫ cúṫal réiḋ faiteaċ a ḃí ann; fear nár ṫóg aċrann i n-aon áit le n-a linn dá mb’ḟéidir leis a ċosg; ba ġráin leis ḃeiṫ iomráiḋteaċ—nár éaluiġ sé ó n-a ṁuinntir, agus ó n-a ḃeirt ḋearḃṡiúr aonraic, agus ó n-a ḃaile ḋúṫċais mar ġeall ar an gcáil ṁóir ṫuill sé ḋá aiṁḋeóin? An ċáil a fuair sé ar an mbaile iargcúlta seo níor ṫuill sé í: ba ċuma leis céard déarfaiḋe faoi Iúdás, ná faoi’n ḃfear eile, óir naċ raiḃ aon ḃaint aige leó, aċt nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an am a ḃí ṫart, nuair a ḃíoḋ an uile ḋuine ag dearcaḋ air, agus na gasúir féin ag glaoḋaċ air, agus ag magaḋ faoi, agus é ag gaḃail an tsráid i n-Iarúsalem, is annsin a ḃíoḋ lúṫġáir air naċ raiḃ eólas a ainme ná a ġníṁ ag na daoine a ḃí ’n-a ṫimċeall. Ċeapadar gur ag déanaṁ aiṫriġe a ḃí sé, agus sgaoileadar leó aċt aṁáin an ḃeirt ḃan úd a casaḋ leis i dtosaċ. Agus nuair d’ḟeiceaḋ a ḃfir luaiḋte iad siúd ag iarraiḋ ḃeiṫ ag baint cainnte as an gcoiṁṫiġeaċ, is annsin a ḃíoḋ an cogaḋ ann, “cogaḋ na ḃfear le n-a mnáiḃ.”

Aċt pé cogaḋ nó pé ár a ḃíoḋ ar siuḃal níor bacaḋ leis an gcoiṁṫiġeaċ óg a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air. Níl aon ṗobal ann naċ mbíonn ómós ag dul don té a ḃíos ag déanaṁ aiṫriġe.


∗             ∗

Ṫárla faoi’n am seo go dtáinig sgéala ċuig Lúcás naoṁṫa a ḃí ’n-a ċoṁnaiḋe i ngar do Iarúsalem go raiḃ easaontas ar bun imeasg a ċoṁbráṫar i Saċaman na Samaria, agus nuair a ċuala sé sin do ġléas sé a ċuid asal, agus do ġlaoḋ sé ċuige ar a ḋeisciobail go dtiuḃraidís cuairt ar an áit leis na daoine a ċoṁair- liuġaḋ. Cuireaḋ fáilte ṁór rómpa ar sroiċint an ḃaile