Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/31

This page has not been proofread.

Teatrarc na Gaililí.


Breáġ liom ṫú ag teaċt ar cuairt ċugam sa bpóiṫrín beag brocaċ seo atá agam sa ḃfásaċ, a Réisín, a ṁic altroma. Aċt fan amaċ uaim roinnt nó beiḋ trom- ualaċ cruṁ agus piast agat ag filleaḋ uait go hIarúsalem! Ag dul i líonṁaire atáid i n-aġaiḋ an lae agus a marḃuiġim díoḃ idir an dá lic sin! Féaċ na puill atá cartaiġṫe aca ’mo ċuid feóla! Ná bíoḋ uaṁan ort—naċ n-iṫtear feóil an duine san uaiġ, agus naċ anam marḃ mise cé go raḃas ’mo rí ar críoċ na Gaililí tráṫ? ....


∗             ∗

Seaḋ, is mian leat go ndéanfainn roinnt cainnte leat, a ṁic; ’sé mo ṁian féin é freisin, tá sé ċoṁ fada ó laḃras ċeana aċt aṁáin leis na piastaiḃ seo a ḃíos ḋom iṫe de ṡíor....

Ḃéinn ’mo rí fós faoi árd-ġradam agus faoi ṁeas muna mbéaḋ na mná. Cuirtear sna leaḃraiḃ staire é go ndeárna Ioruaiṫ Antipos, teatrarc na Gaililí, gaċ droċ- ġníoṁ dá ndeárna sé mar ġeall ar ṁnaoi éigin. Sin í an ḟírinne, a ṁic: níor ḟéadas fanaċt uaṫa ó ṫosaċ mo ṡaoġail, agus fios dearḃṫa agam go dtiocfaḋ mo ḃás orm dá mbárr. Tuige ar ḃacas leó mar sin, an eaḋ? Naċ tú atá óg! An ċinneaṁaint, is dóċa: féaċ an féileacán úd ṫall atá ag foluaṁaint os cionn mo ċoinnle. Ní fada go loisgfear a sgiaṫáin ṁaiseaċa: cá ḃfios dúinn-ne naċ ḃfuil ḟios sin aige, freisin?

Ḃí toġa na haiṫne agat-sa ar Ṡalomé, inġean mo leas- ḋearḃráṫar Filip. Ḃí: maraċ í ní ċuirfinn iallaċ ort

a ḋul san arm an tráṫ úd—éist liom, adeirim; is geárr

21