Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/36

This page has not been proofread.

26

fada ag róṁar sna páirceannaiḃ—, leaḃair—léiġeas an-ċuid de leaḃraiḃ feallsaṁnaċta na Gréige—aċt dá gcluinfinn Salomé ag gáiriḋe do ċaitfinn uaim a raiḃ ar siuḃal agam le dul ag breaṫnuġaḋ uirri.....

Ṫugas fleaḋ oiḋċe. Ag Maiċearó a ḃíos an uair sin, agus is ann a ḃí Eóin i ngéiḃeann agam. Ḃí taoisiġ airm agus uaisle na cúirte agus reaċtairí riaġaltais ann, agus iad uile go meiḋreaċ sgléipeaċ. Ḃí fíonta ann agus ba ḋóiġ liom go mbéaḋ sé de ḃuaḋ aca an croiḋe-ċráḋ a ḃí orm a ḋíbirt. Ḃí fíon ó’n Tíor ann a ḃí ar ḋaṫ fola náṁad: ní ḃéaḋ ort aċt corn ḋe ól agus ḃéaḋ fuadar ċun aċrainn ort—ar mo ċáirdiḃ roinneas an fíon sin. Ḃí fíon ó ṡléiḃtiḃ Ṁóab ann; b’é buaḋ an ḟíona sin naċ n-aireóċṫá pian ṫar éis é ól—níor leiġeas- aiġ sé pianta an ġráḋa, a Réisín. An fíon sin a ḃronn an t-Impire orm nuair a ḃí sé sin ag gaḃail ṫart: ḃí an fíon sin ar ḋaṫ tonn na Gaililí lá geiṁriḋ—fíon an léarguis tugaḋ air mar d’aiṫḃeoḋaḋ braon de aon éirim aigne ḃí i ḃfear ariaṁ; níor ólas é. Ḃí fíon na seirce ann—fíon corcra ṫáinic ó’n nGréig; measgaḋ fuil seaċt maiġdean ṫug gean d’ḟear leis an ḃfíon sin agus é ḋá ḋéanaṁ; níor ṫeastuiġ fíon na seirce uaim.....

Ní mórán d’ólas féin d’aon ḟíon díoḃ. Ḃí ḟios agam go raiḃ Herodias ar ċúl na mbrat i n-áit éigin ag maċtnaṁ ar ḃeart éigin a ḃaineaḋ dem ṫreóir mé. Dá ḃféadfainn buile a ċur uirri! Dá ḃféadfainn í ṁaslaḋ ós coṁair na cuideaċtan! An ḃuiḋean ḃan-rinnceóirí ḃronn an t-Impire orm ċuireas fios orra. Ṫáiniceadar isteaċ, oċtar díoḃ, oċt banṁoġa donn-ċneasaċ leaṫ- noċt, agus rinneadar daṁsa barbarḋa ós coṁair na cuideaċtan.

Ḃí aon ḃean aṁáin ann, bean ḃeag aicliḋe colpaċ agus ċuireas iallaċ uirri daṁsa áiṫrid a ḋéanaṁ. Do ċrom sí í féin, do ċas agus do lúb agus d’ḟeac, ag siuḃal