Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/44

This page has not been proofread.

34

Ḃíos ’mo ṫost tamall. Ṫáinic ḋá aisling ós coṁair mo ṡúl. Gáirdín an tSuaiṁnis..... Salomé..... mise faoi ċuing ṡíoda, ċuing ṡeirce aici go deó deó arís..... Sin, nó mé ’mo ríġ i ndáríriḃ .... í féin agus a máṫair díbriġṫe uaim .... an pobal uile ag caḃruġaḋ liom .... smaċt agam ar an tír.....

Ċualas glórṫa na ḃfear a ḃí go sgléipeaċ i n-Árus na ḃFleaḋ. Ċualas glór Eóin Ḃaisde ag dul i méid agus ag dul i laiġead agus é ḋom ṁallaċtuġaḋ:

“Loisgfear a ṫeaċ os a ċionn. Tiocfaiḋ na cineaḋċa allta isteaċ ’n-a ríoġaċt agus ní ḟágfar cloċ ar ċloiċ; ní ḃeiḋ páisde naċ ngolfaiḋ; ní ḃeiḋ bean ann naċ stracfaiḋ an folt dá ceann ḋá ṁallaċtuġaḋ.....”

“An daṁsa! An daṁsa Arabaċ, a Ṡalomé! Ġeoḃair rud ar biṫ aċt é ḋéanaṁ. Leat mo ríoġaċta, má ’s mian leat é!”

“Aċt má iarraim ort an t-iolar duḃ dall a ḃí ag do ṁuinntir ó aimsir Ḋáiṫí?” ar sise go leanbaċ.

“Ġeoḃair é. Cuma céard iarrfas tú, aċt an daṁsa a ḋéanaṁ! Naċ ḃfuil mo ḃriaṫar ríoġḋa agat air?”

D’éiriġ sí agus do ḋaṁas.

Ní uirri a ḃíos ag féaċaint agus í ag daṁsaḋ. Ní ar na fearaiḃ a ḃí ’ġá hinḟiuċaḋ le súiliḃ drúiseaṁla faoi ṁalaíḃ troma duḃa ḃíos ag féaċaint. Ní ar an bpríosunaċ a ḃí clúdaiġṫe le croicniḃ cáṁall agus a ḃí gléasta go magaṁail ar nós saiġdiúir Róṁánaiġ—ní orra a ḃíos ag féaċaint, ní orra a ḃíos ag cuiṁneaṁ aċt ar ríoġaċt ṁóir leaṫain ó Ḋan go Beerséba, ar ríoġaċt a ḃéaḋ faoi mo smaċt agus faoi mo ċumas féin, ar ċáil, ar ċliú, ar ċuṁaċt a ḃíos ag cuiṁneaṁ.....

Ḃí an daṁsa ṫart. Ṫáinic an ḃean ċugam.

D’aṫċuinġe, a ḃean,” arsa mise.