Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/49

This page has not been proofread.

Baintreaḃaċ an Ḟíona agus a Mac

.


Bliaḋain go leiṫ i ndiaiḋ ḃáis Ċríost ċuir baintreaḃaċ fúiṫi ’san mbaile beag Beṫánia atá suas le ḋá ṁíle taoḃ ṫoir de Iarúsalem. Ḃí a teaċ ar ṫaoḃ an ḃóṫair ṁóir atá idir Iericó agus Iarusalem, agus ṫosaiġ sí ag díol fíona ann le luċt taisdil an bóṫair. Ḃíoḋ an iomad cineál fíona aici, fíon dearg na Gréige, fíon borb meisgeaṁail na hEadáile, i gcoṁair na saiġdiúirí Róṁánaċ, fíon dúṫċasaċ na n-Indiaċa a ḃí géar searḃ le haġaiḋ muinntire na háite; agus ó ḃí an uile ḟíon dá raiḃ aici ar ḟeaḃas ’n-a ḃealaċ féin, ní fada go raiḃ cáil na baintreaḃaiġe sgapṫa ar fud na tíre ón Muir Ṡalainn ar an taoḃ ṫoir go dtí bruaċ na Mara Móire ṫiar. D’ḟeicṫeá an saiġdiúir Róṁánaċ ’n-a teaċ go minic; ḃíoḋ Iúdaiġ agus Siríniġ agus Gréagaiġ glice ann: Arabaiġ an ḟásaiġ le n-a gcuid cáṁall; cean- naiḋṫe ó Ṫíre agus ó’n Aifric, agus iad uile gléasta de réir a nósann agus a mbéas féin. Agus is minic d’fanaḋ dream díoḃ aici ar feaḋ cúpla oiḋċe, iad féin agus a gcuid cáṁall agus a gcuid asal.

Caiṫeaḋ cuid maiṫ airgid ar an mbaile beag ar an nós seo, aċt ní mórán bainte ḃíoḋ ag Baintreaḃaiġ an Ḟíona, mar tugaḋ uirṫi, le muinntir na háite. Ní raiḃ uaiṫi aċt a cuid fíona a ḋíol, agus a cuid airgid a ġlacaḋ go beannaċtaċ de réir ḋeallraiṁ; aċt ḃí daoine ar aon teaċ léiṫi agus ḃí ḟios aca naċ le fíon a ḋíol aṁáin a ċuir sí fúiṫi i mBeṫánia cois Iarúsalem. An firín beag duḃ-ċraiceannaċ a ḃíoḋ ag déanaṁ bainisteóireaċta ḋi, agus ar ar tugaḋ an Dall mar leasainm, cé go raiḃ

raḋarc na súl aige fán am seo, ḃí seisean i n-an sgéal

39