Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/59

This page has not been proofread.

49

“Tá mná Iarúsalem go hiongantaċ breáġ,” ars’ an Róṁánaċ óg; “tá a súile cosaṁail le marmar duḃ ṫumfaiḋe i n-uisge Orṫannáin, agus a ṫriomóċfaiḋe fá ġréin an ḟoġṁair.”

“Nuair a ṡroiċfeas mé Iarúsalem .... ní’l ḟios agam ....” arsa Saul, aċt ċuir an fear óg eile isteaċ air.

“Bíonn a gcneas go bog cuṁarṫa agus go sleaṁain slíocṫa ar nós sróil Tíre; bíonn a nguailne go cruaiḋ láidir deáġ-ċumṫa; a gcíoċa go cruinn bán agus go lonnraċ bleaċtṁar,—aoiḃinn don ṁac, bíoḋ sé óg ná bíoḋ sé críonna.....”

“Ní ġaḃfaiḋ mé i n-éadan an leaḃair ḟeallsaṁnaċta úd go ceann tamaill, a Ċaius a ċroiḋe ....”, ars’ Saul go smaointeaċ.

“Is iongantaċ iad inġeanaċa Iarúsalem!” ars’ an Róṁánaċ óg; “is gleóite a gcosa agus a gceaṫraṁnaí ná ceaṫraṁnaí ġaseil na sléiḃte; is binne a nglór ná glór colúir lá earraiġ agus is gráḋṁaire.....”

“Damascus—seaḋ, maidir le Damascus .... caṫair áluinn í go cinnte, a Ċaius, aċt ní ḃacfaiḋ mé le dul ann go fóill beag,” arsa Saul.

“Is tú fear na céille,” ars’ an duine eile, “Tá mná Iarúsalem .... muna mbeaḋ eagla a ḃeiṫ orm go ḃfuiġiḋ Tibérius bás obann agus go gcuirfiḋe duine éigin eile ’n-a ionad ’mo leabaiḋ-sa cos ní leagfainn i gcaṫair na Róiṁe arís go deó.”

D’éiriġ Saul. Ḃain searraḋ as féin, agus do ḃuail an ḃeirt óigḟear amaċ san bpáirc a ḃí ar ċúl an tiġe. Ḃí an ṁórḋáil agus an ṁórċúis, an ṗostaṁlaċt le taḃairt faoi deara i siuḃal na beirte; ḃí an dúil san suaiṁneas agus san sóġ le feiceál i siuḃal Saul ó Ṫarsus. “Is-cuma-liom” nó “ná-déan-faic” a ḃeaḋ mar rosg caṫa ag an té a raiḃ an siuḃal sin faoi, ṡílṫeá, aċt ḃeiṫeá