Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/61

This page has not been proofread.

51

“An Galatiġeaċ bradaċ bréan ruaḋ úd atá ag tógḃáil clampair,” arsa Saul. “Cuireann an cineaḋ sin gráin orm. Féaċ mo ḋuine: “É féin agus a leaṫ- ċluas agus a ċeann ruaḋ mí-ċumṫa agus a ḟéaċaint ḟaiteaċ! Uċ! Cuireann sé tinneas ar mo ṡúiliḃ, a Ċaius, daoine droċ-ċumṫa mí-sgiaṁaċa ḟeiceál,”—ḋún sé a ḋá ṡúil agus duḃairt, “Nuair a ḃéas tusa it’ impire, a ċara, is dóċa go gcuirfiḋ tú a leiṫéidí ċun báis..... déanfaiḋ tú ar mo ṡon-sa é, a Ċaius, agus déan réiḋteaċ idir na hamadáin seo ar mo ṡon-sa anois, mar dá n-osglóċainn na súile arís agus dá ḃfeicfinn an duine gránda úd.....”

Ḃí na saiġdiúirí ’n-a ḃfoċair fán am seo agus an Ruaḋ ’n-a ṗríosúnaċ aca.

“Céard seo?” ars’ an Róṁánaċ go postaṁail leiṫiḋeaċ.

Ní raiḃ uain ag éinne de na saiġdiúirí fáṫ an aċrainn a ṁíniuġaḋ ḋó go nduḃairt an Ruaḋ de ġlór ṁór neaṁ- eaglaċ.

“Críostaiḋe mise. Críostaiḋe mise ṫug ḃinéagar do Ċríost ar ċnoc Calḃaire. Ṁaiṫ Sé ḋom. Ṁaiṫ Críost Rí an Doṁain ḋom. Maiṫfear díḃ-se, a ḃráiṫre. Maiṫfear ḋuit-se, a Ṡaul ó Ṫarsus.....”

Níor ḋuḃairt sé a ṫuilleaḋ, ċuir saiġdiúir a ḋorn ’n-a ḃéal. D’osgail Saul na súile ar ċlos a ainme féin ḋó, aċt má ḃí ceapaḋ aige duine gránda mí-ḋaṫaṁail leaṫ- ċluasaċ ḟeiceál ós a ċoṁair ḃí sé ag dul amuḋa. ’Sé an Ruaḋ mí-ċumṫa leaṫ-ċluasaċ a ḃí ann, aċt leis an loinnir ait a ḃí ’n-a ṡúiliḃ agus an ḃeoḋaċt neaṁ-ġnáṫaċ a ḃí ’n-a ġnúis ní ḟéadfaiḋe a ġrándaċt a ṫaḃairt faoi deara.

“Maiṫfear duit-se, a Ṡaul ḃoiċt na diṫcéille,” ars’ an Ruaḋ nuair a baineaḋ an dorn ó n-a ḃéal.