Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/63

This page has not been proofread.

53

a ḃí ós coṁair a súl, mná duḃa sgiaṁaċa go n-a súiliḃ soillseaċa, go n-a ḃfoltaiḃ cíorḋuḃa, go n-a nglórṫaiḃ caoine gráḋṁaire.....

Ḋúisiġ sé Saul ó Ṫarsus.

“Tá mise ag dul go hIarúsalem anoċt,” ar sé.

Níor ṫuig Saul i gceart é, mar ḃí an codlaḋ ró-ṫrom air. Ċraiṫ an Róṁánaċ go mór é.

“Tá mise ag dul go hIarúsalem anoċt, a Saul,” ar sé an aṫ-uair.

“Cuma liom,” arsa Saul idir codlaḋ agus dúiseaċt ḋó; aċt i ndiaiḋ tamaill duḃairt Saul go mbeaḋ sé féin agus a ṁuintir ’n-a ḟoċair.


∗             ∗

Maidir le Baintreaḃaiġ an Ḟíona, d’ḟág sí féin agus an Dall an teaċ ar an oċtṁaḋ uair le cuairt a ṫaḃairt ar an gcaṫair ṁóir ċéadna. An bóṫar soir ba ċóir ḋóiḃ a ġaḃail, aċt is siar a ċuadar i dtosaċ. Níorḃ’ ḟada siar ḋóiḃ áṁṫaċ, gur ḟágadar an bóṫar, agus ġluais leo ó ḋeas ṫar na cnocaiḃ cloċaċa garḃa. D’imṫiġ leó go mall roiġin réiḋ trom-ċosaċ agus a gcinn fúṫa; anois agus arís do ċuireaḋ duine den ḃeirt duan nó paidir uaiḋ ós árd, agus annsin ḃídís ’n-a dtost ar feaḋ sgaṫaiṁ ṁaiṫ. I n-aice le Beṫlem, mar ar rugaḋ Críost, casaḋ aoḋaire orṫa, agus a ṫréad amaċ roiṁe.

Caoraiġ agus gaḃair a ḃí aige; na caoraiġ beaga bána aḋarcaċa ar a láiṁ ḋeis agus na gaḃair ḋuḃa ar a láiṁ ċlé, agus iad ag siuḃal go mall, gaḃair i ndiaiḋ gaḃair i n-aon líne aṁáin. Ḃeannuiġ sé ḋóiḃ i n-ainm Ċríost d’éiriġ ó ṁarḃaiḃ.

Ṫuit an oiḋċe orṫa i n-aice le Beṫlem, aċt níor ċuir sin aon ḃac orṫu. Ar ḃárr an droma ċnocaiġ atá idir Iarúsalem agus Beṫlem a ḃíodar nuair a ṫuit an oiḋċe