Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/64

This page has not been proofread.

54

go tobann, agus nuair d’éiriġ an ġealaċ ḃuiḋe ṫar ḃarraiḃ sléiḃte draoiḋeaċta Ṁóab. Ṫáinig na néaltóga amaċ, néaltóg i ndiaiḋ néaltóige, agus b’ḟacṫas don Dall go raiḃ an ceann a ṫréoruiġ na Riġṫe ón Oirṫear ’gá dtreóruġaḋ anois; aċt ba ḋóiġ leis an mbaintreaḃaiġ naċ raiḃ ’sna baill ṡoluis a ḃí ós a gcionn aċt fuinneóga neiṁe Dé. Ḃíodar beirt an-ġar do Ḋia agus do neaṁ Dé an oiḋċe sin.....

Ċualadar gáir ṫormánaċ an ḃunnáin i gcéin; ċualadar sgréaċ na n-asal ḃfiaḋain a ḃí ṫoir uaṫa san ḃfásaċ, aċt níor ċuir aon ní bac leó an oiḋċe spéir-ġealaiġe seo, agus níor ċuir aon ní cosg le n-a gcuid duanta diaḋa. B’ḟéidir go ḃféadfaiḋe cosg a ċuir le máṫair a ḃeaḋ ag coinneál a mic ón mbás, aċt an ṁáṫair a ḃeaḋ ag iarraiḋ a ċoinneál ón mbás ṡíorraiḋe.....

Do ṫimċealladar caṫair ṁór Iarusalem. Ċuadar ṫar Ġetsiminí agus ṫáinig tormán na caṫraċ ċuca ar an ngaoiṫ aniar. Duḃairt sean-ḃean a ḃí ’n-a suiḋe i n-aice leis an ngeata ṫeas leó, gur molaḋ do na Críostaiḋṫiḃ gan féaċaint ar a ḋul isteaċ mar ġeall ar ṁuinntir na caṫraċ a ḃeiṫ ar buile agus ag iarraiḋ a ḃeiṫ ag tógḃáil clampair.

Ċonnaiceadar dream beag saiġdiúirí ċuca. D’aiṫniġ- eadar an fear a ḃí ós a gcionn; dob’ é Saul é. Ċuadar féin i ḃfolaċ. D’ḟan Saul agus a ṁuinntir agus a gcuid cime ar an bplás mór leaṫan a ḃí taoḃ amuiġ den ġeata ṫeas go n-osglóċaiḋe an geata ḋóiḃ. Do hosgluiġeaḋ gan mórán aċair, agus siúd amaċ ċuca sluaġ mór Iúdaċ agus dúil aca i ḃfuil aon Ċríostaiḋe do casfaiḋe leó. Ċonnaiceadar na cimí. Rinneadar orṫa go fíoċṁar. Rinne Saul agus a ṁuinntir a ndíċeall leis na cimíḃ a ċosaint ar an sluaġ, aċt ḃí an sluaġ go mór agus go millteaċ agus go feargaċ. Ḃí Adáṫ fuinteóir ar an sluaġ sin, agus nuair a ċuala sé na focail a ḃí ag teaċt