Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/68

This page has not been proofread.

58

ar seisean. Aċt ní raiḃ an pobal sásta coṁairle an árd-ṡagairt a ġlacaḋ. Le láiṁ láidir a ḃaineadar an tír amaċ, agus níor ṁian leo a tréigeaḋ. Ḃí cúrsa an ċreasa tugṫa ós cionn leiṫ-ċéad uair ag an ngréin ó ġaḃadar ceannus na tíre. ‘Cad ċuige,’ ars’ an sluaġ leis an árd-ṡagart, ‘nár ṫug na déiṫe coṁarṫa ḋúinn an tír a ṫréigeaḋ roiṁe seo? Cad ċuige nár iarradar orainn na hAibitíniġ a ṫaḃairt dóiḃ i dtosaċ go smaċtóċaidís iad? Fanaimís mar a ḃfuilmid,’ ar siad- san, ‘agus coinniġeaḋ ár muinntir na hAibitíniġ faoi smaċt.’

“Aċt do ġéilleadar do ċoṁairle an árd-ṡagairt ’s a deireaḋ ar aon ċoinġeall aṁain .i. naċ dtéiḋidís ṫar teórainn na tíre go mbeireaḋ na déiṫe coṁarṫa cinnte ḋóiḃ go raḃadar ag déanaṁ a dtola.

“Do ċruinniġeadar a raiḃ beo dá muinntir ar aon árdán aṁáin taoḃ amuiġ den ṗríoṁċaṫair. Ċruinniġeadar an ḃantraċt agus an ċlann ann; na láiṁḋéiṫe agus na hioḋail; a gcuid asal agus a gcuid maoin ṡaoġalta, agus do ṫugadar aġaiḋ ar a dtír féin.

“Leigeadar an ċéad oiḋċe ṫart faoi ḃun an tsléiḃe ar a dtugtar Nanba indiu, aċt ní túisge ’n-a gcodlaḋ iad, ṫar éis contaḃairt agus saoṫair an lae, ná do ṁoṫuiġeadar an talaṁ ag creaṫaḋ agus ag luasgaḋ fúṫa; ċualadar torann aḋḃalṁór mar ḃeaḋ na spéarṫa ag tuitim anuas orṫa, agus féaċ! do ḃrúċt teangaċa fada caola teineaḋ aníos ó ṁullaċ an tsléiḃe, gur ṫeangḃuiġ na cinn ba fuide díoḃ leis na néaltaiḃ, gur múċaḋ solus na gealaiġe agus na réalta, go raiḃ an gleann leaṫan-ṁór ’n-a raḃadar ’n-a ġleann ṡoluis. Agus ní raiḃ aon dá ṫeangaiḋ de na teangaċaiḃ teineaḋ seo ar aon ḋaṫ ar ḟágáil mullaċ an tsléiḃe dóiḃ; ḃí daṫ faoi leiṫ ar gaċ uile ṫeanga ḋíḃ agus na daṫanna