Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/70

This page has not been proofread.

60

an coṁarṫa aca ó na déiṫiḃ go raiḃ an ceart aige. Ar ṡroiċint a dtíre féin dóiḃ, ċuireadar na ríġte agus na taoisiġ faoi ġeasaiḃ go sgaoilfidís saor a raiḃ beo de na hAibitíniġiḃ le go smaċtóċaḋ na déiṫe iad ar a mbealaċ féin. Aċt ní raiḃ beo den druing úd a gaḃaḋ ’san gcogaḋ aċt aon tseanḟear aṁáin, agus ḃí seisean beagnaċ dall ó ḃeiṫ ag obair faoi ṫalaṁ ’san mianaċ ó ṡolus na gréine. Tugaḋ aníos go bárr talṁan é. Cuireaḋ bláṫḟleasg áluinn ar a ṁalaíḃ, agus éadaċ bán síoda, den ċineál a ċleaċtuiġeaḋ na ríġte, ar a ḋruim, le go mbeaḋ ḟios ag gaċ n-aon go raḃṫas ar tí íoḋbairt a ḋéanaṁ ḋe do na déiṫiḃ. Ar a ḃeiṫ gléasta ḋó, cuireaḋ i n-áirde é, ar ċarbad a raiḃ oċt ndaiṁ ḃána faoi, agus naoi naonḃair maiġdean ’n-a ḋiaḋ. Do ċruinniġ na sagairt agus na draoiṫe timċeall ar an gcarbad ríoġḋa seo, trillseáin ’n-a láṁaiḃ agus iad ag canaḋ aṁrán diaḋa ós a ċionn. Do ġluais an carbad agus na sagairt. Do lean na maiġdeana iad. Ṫáinig an pobal uile ’n-a ndiaiḋ siúd; an ḃantraċt agus an ċlann i dtosaċ; na ríġte ’n-a ndiaiḋ; fir ṁóra cogaiḋ faoi n-a gcuid arm ar deireaḋ.

“An seanḟear leaṫ-ċaoċ a ḃí i n-áirde ar an gcarbad níor ṫuig seisean cé’n fáṫ ḋóiḃ é ṫaḃairt aníos ó ḃruinn na talṁan le n-a ċur i n-áirde ós coṁair an tsluaiġ. Ní raiḃ ḟios aige cad ċuige go raḃadar ag canaḋ ceoil agus aṁrán ’n-a ṫimċeall, aċt ḃí ceapaḋ aige go mb’ é an ċaoi go raiḃ an buaiḋ fáġta ag a ṁuinntir féin orṫa, agus go raḃadar dá ṁolad agus dá ṡaoraḋ ón sgláḃaiḋ- eaċt le heagla rómpa.

“Ḃí an ḃaraṁail seo níos láidre aige ar ṡroiċint teorainn na n-Aibitíneaċ don ṁórṡluaġ, mar tugaḋ anuas den ċarbad é, léiġeaḋ tuilleaḋ aṁrán diaḋa ós a ċionn, agus leigeaḋ ċun bealaiġ é agus gaḋar mór ’ġá ṫreóruġaḋ.